Dhá Scór Eala le Aingeal Ní Chualáin á sheoladh 2 May 2024 – Posted in: Nuacht – Clibeanna:

Beidh an cnuasach filíochta Dhá Scór Eala le Aingeal Ní Chualáin á sheoladh ag Jackie Mac Donncha ag ócáid ​​in Ionad an Acadaimh, Carna, ar an Domhnach 5 Bealtaine ag a 4:oo in mar chuid de chlár imeachtaí Fhéile Joe Éinniú.

Is as Carna i gConamara í Aingeal Ní Chualáin agus is ann a fuair sí a cuid scolaíochta. Is le gairm na múinteoireachta a chuaigh sí agus chaith sí blianta ag obair mar mhúinteoir meánscoile agus mar theagascóir in earnáil an Oideachais Aosaigh.

Bhain sí céim dochtúireachta amach in Ollscoil na Gaillimhe i 2013. Dhírigh a cuid taighde ar shaothar próis Mháirtín Uí Chadhain agus Phádhraic Óig Uí Chonaire.

D’fhoilsigh Cló Iar Chonnacht cnuasach gearrscéalta le Tomás Bairéad a chuir sí in eagar dar teideal Tomás Bairéad Rogha Scéalta sa bhliain 2010.

Bhain sí taitneamh as roinnt blianta a chaitheamh ag obair mar bhallaimseartha den fhoireann teagaisc i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe; Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Gaillimh.

Tá sí ag scríobh filíochta le blianta fada ach is é Dhá Scór Eala an chéad chnuasach filíochta a foilsíodh léi. Tá Aingeal ag cur fuithi i Maigh Cuilinn faoi láthair lena clann.

Cnuasach lán daonnachta is dúchais é seo, a bhfanann na nótaí aiceanta a bhuailtear ann ag macallú i gcuimhne an léitheora – Moltóirí an Oireachtais

10.00

« Beathaí nua curtha le Ainm.ie
95 Cluiche Drámaíochta »