Daideo le hÁine Ní Ghlinn ar Ghearrliosta Ghradaim Leabhair Pháistí 24 Márta 2015 – Posted in: Gan chatagóir

 

Daideo (Cois Life, 2014) le hÁine Ní Ghlinn curtha ar an ngearrliosta do Ghradaim Leabhair Pháistí Éireann LPE 2015 a fógraíodh le déanaí.
Insíonn Daideo scéal faoi bhuachaill atá ar a theitheadh óna thuismitheoirí – agus seanduine atá ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad a chéile. Cén toradh a bheidh ar an gcairdeas nua seo?

Bhí nuálaíocht ag roinnt leis an bhfoilseachán chomh maith sa mhéid is gurb é an chéad chlosleabhar.

Eagraíonn LPE na Gradaim gach bliain (faoin mbranda ‘Bisto Awards’ a bhídis tráth) le haitheantas a thabhairt don sárchleachtas i gcursaí leabhar don óige agus tá na gradaim ar na cinn is mór a bhfuil meas an phobail orthu in Éirinn agus thar lear. Foilsítear an gearrliosta i Márta agus bronntar na gradaim i mí an Mheithimh – bronntar sé ghradam ar leith. Seo thíos Gearrliosta 2015:

When Mr Dog Bites le Brian Conaghan

Apple and Rain le Sarah Crossan

Shh! We Have a Plan le Chris Haughton

Once Upon an Alphabet le Oliver Jeffers

The Apple Tart of Hope le Sarah Moore Fitzgerald

Daideo le Áine Ní Ghlinn

Only Ever Yours le Louise O’Neill

Haiku Más é do thoil é! le Gabriel Rosenstock, léaráidí le Brian Fitzgerald

Primperfect le Deirdre Sullivan

Beyond the Stars tiomsaithe ag Sarah Webb

 

Daideo ar fáil le ceannach ar líne €6.

 

 Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga lena n-áirítear Tromluí, Fuadach agus Madra Meabhrach. Foilseoidh Cois Life a chéad leabhar eile do pháistí, Háta Zú Mhamó in 2016.

 

« Ceardlann ar an bprós-scríbhneoireacht le Alex Hijmans
Aoi-bhlag Alex Hijmans- Foilsithe! Agus anois? »