Daideo abú! Daideo le hÁine Ní Ghlinn (Cois Life 2014) 12 Samhain 2014 – Posted in: Gan chatagóir

Comhghairdeas linn! Agus le hÁine Ní Ghlinn go háirithe. Fógraíodh ag searmanas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i Mobil Feirste anocht gur bhuaigh Daideo le hÁine Ní Ghlinn (foilsithe ag Cois Life) Gradam Réics Carló – go bunúsach Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga. Insíonn Daideo scéal faoi bhuachaill atá ar a theitheadh óna thuismitheoirí – agus seanduine atá ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad a chéile. Cén toradh a bheidh ar an gcairdeas nua seo? Léigh Daideo agus beidh a fhios agat! Buíochas mór do Chlár na Leabhar Gaeilge i bhForas na Gaeilge agus d’Oireachtas na Gaeilge a eagraíonn na gradaim.

Is údar mór-ráchtairte í Áine Ní Ghlinn, a ndíolann a cuid saothar go maith i gcónaí ach bhí núalaíocht ag roinnt le Daideo chomh maith sa mhéid is gurb é an chéad chlosleabhar gairmiúil Gaeilge a scaipeadh go leictreonach i bhfoirm mp3 saor in aisce. Cois Life i dtus cadhnaíochta arís – tapaímid gach deis foilseacháin ilmheáin a dhéanamh! An t-údar féin a rinne an léamh beo drámatúil agus tá an taifeadadh fós le híoscóipeáil ach brú anseo. Tá an leabhar féin le ceannach i gcóip chrua nó i bhfoirm ríomhleabhair (do do kindle, iPad, nó do rogha eile) ach brú anseo – is fiu go mór an taifeadadh a sheinm agus an leabhar os do chomhair.


Is iad na leabhair eile ar an ngearrliosta don ghradam do leabhair do dhaoine óga ná POP!, scríofa ag Caitríona Nic Sheáin, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór; Róbó-Mhadra, scríofa ag Máire Ní Ghallchobhair, maisithe ag Peter Donnelly agus foilsithe ag Leabhar Breac; Uinseann Donn le Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata; agus leabhar eile fós le hÁine Ní Ghlinn – Nílim ag iarraidh dul ar Scoil – foilsithe ag LeabhairCOMHAR.

Bhí leabhar eile de chuid Cois Life i measc na bhfoilseachán san iomaíocht do na gradaim le haghaidh Leabhair na Bliana 2014, leabhar le banúdar eile – Orna Ní Choileáin (an ceadmhach ‘cailínchumhacht’ a lua nó an mbeifí ag cur easpa comhionannais inár leith?). 

Ba é Sciorrann an tAm (Cois Life), bailiúchán gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin a bhí san iomaíocht don ghradam do leabhair do dhaoine fásta – Gradam Uí Shúilleabháin. Seo an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge ó údar Canary Wharf. Ba iad na leabhair eile atá ar an ngearrliosta seo ná: Anamlón Bliana (Cló Iar-Chonnacht), sliochtanna as dialann Sheáin Uí Ríordáin, curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine; Seal san Aetóip (Cló Iar-Chonnacht), leabhar taistil le Frank Reidy; Aneas (Futa Fata), leabhar faoi bhéaloideas Chorca Dhuibhne le Brenda Ní Shúilleabháin; ; agus Ár Naomhoidhreacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), cnuasach paidreacha ó Éilis Ní Thiarnaigh.

 

« Aoi-bhlag Alex Hijmans – An leathanach lán
Aoi-bhlag Alex Hijmans – Dúshláin a bhaineann le scríbhneoireacht i nGaeilge »