Aoi-bhlag Alex Hijmans – Dá léifeadh mo mham é seo … 18 Márta 2014 – Posted in: Gan chatagóir

Discomfort and lack of confidence are amongst the most common obstacles on the writer’s path, Alex Hijmans writes in the third episode of his monthly guest blog on creative writing

Tá mo mháthair díreach imithe abhaile tar éis di a bheith ar cuairt ar feadh cúig seachtaine. Le linn an ama sin ar fad níor scríobh mé oiread agus focal ficsin. Ní fhéadfainn. Is iontach an bhean í mo mham, ach ní féidir liom í a bheith thart orm agus mé ag plé le scríbhneoireacht chruthaitheach. Tá sé sách dona go bhfuil sí (tar éis roinnt chúrsaí samhraidh ag Oideas Gael, agus le cúnamh an fhoclóra agus go leor, leor foighde) in ann mo chuid ficsin i nGaeilge a léamh. Tá roinnt de mo chuid gearrscéalta léite aici in Ísiltíris freisin agus rinneamar socrú, i bhfad ó shin, gan iad a phlé.

Ní dóigh liom gur eisceacht mise. Roinneann an scríbhneoir torthaí a shamhlaíochta leis an bpáipear agus leis an léitheoir anaithnid, ach go mion minic, bíonn smaointe i gceist nach bpléifeá le do thuismitheoirí. Ná le do chlann, le do chéile, le do chara is fearr. Ceird uaigneach í ceird an scríbhneora ar an gcúis sin (ach ceann de pharadacsaí móra na ceirde ná go n-éiríonn go geal le scríbhneoirí, go minic, agus iad i mbun pinn in áit a bhíonn lán go doras le stráinséirí: sa teach caife.)

Tá an míchompord – an náire fiú – a thagann ar an scríbhneoir maidir le torthaí a phinn féin ar cheann de na driseacha is deacra le sárú ar chosán na scríbhneoireachta, ach faraor géar ní hé an t-aon cheann amháin é. Bac bóthair damánta eile ná an easpa féinmhuiníne a chuireann as do ghach scríbhneoir ó am go chéile. Is nós linn ár gcuid útamála féin ar an leathanach bán a chur i gcomparáid le scríbhneoireacht ár laochra liteartha, ach déanaimid dearmad gurb éard a fheicimid, nuair a osclaímid a gcuid leabhar sin, ná saothar críochnaithe. Ní fheicimid na focail ar fad a scriosadh amach, na leathanaigh ar fad a stróiceadh, na clóscríbhneoirí ar fad a caitheadh le balla. Tríocha-naoi n-uaire a rinne Hemingway athscríobh ar leathanach deiridh AFarewell to Arms, más fíor dó féin.

Gné ar leith den easpa féinmhuiníne a thagann ar scríbhneoirí ná an eagla roimh ghramadach agus roimh litriú. (Comhréir agus, aisteach go leor, poncaíocht, an dá rud is mó a chuireann strus orm féin.) Cé nach féidir a shéanadh go gcaithfidh an scríbhneoir máistreacht a bheith aige ar pé teanga ina mbíonn sé ag scríobh, ní hionann sin is a rá gur gá dó a bheith ina mháistir scoile agus é i mbun pinn. Ní hé an difear idir urú agus séimhiú is tábhachtaí agus úrscéal Gaeilge an Chéid idir lámha agat, ach an scéal. Níor cheart go mbeadh aon bhotúin ghramadaí nó litrithe i saothar foilsithe – ach sin an fáth go mbíonn ceartaitheoirí profaí ag foilsitheoirí leabhar.

Anois, níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil dualgas ar an scríbhneoir an dréacht deireanach dá shaothar a thabhairt chun foirfeachta, oiread agus is féidir leis, sula dtugann sé ar lámh don fhoilsitheoir é. Ach is cuma sa tsioc cá mhéad dréachtaí a bhí aige roimhe sin. Ní nós liomsa dréachtaí a chomhaireamh (ní amháin nach bhfuilim go maith ag comhaireamh, ach ní fheicim an gá) ach déarfainn go raibh idir cúig agus deich gcinn ag gach ceann de na scéalta i mo chnuasach Gonta.

De na dréachtaí seo ar fad, tá tábhacht ar leith leis an gcéad cheann. Agus ní bhaineann leis an gcéad dréacht ach riail amháin: ní bhaineann aon rialacha leis an gcéad dréacht.

Níl ach an t-aon aidhm amháin ag an gcéad dréacht: an scéal atá i do cheann a chur ar pháipéar. An rud is lú a theastaíonn uait, agus tú i mbun na hoibre sin, ná glór do mham nó mháistreas scoile éigin ar chúl d’aigne, gan trácht ar ghlór d’eagarthóra inmheánaigh féin. An mhí seo chugainn, breathnóimid ar bhealaí chun iad seo a choinneáil ina dtost – go dtí go mbeidh gá leo, níos faide anonn, agus muid ag obair ar an dréacht deiridh.

 

« Teidil Nua an Earraigh Seolta!
‘Sciorrann an tAm’ ar fáil anois! »