Cúrsaí foilsitheoireachta pléite ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais 2 Meitheamh 2022 – Posted in: Nuacht
Labhair ionadaithe ó earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge le Comhchoiste Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an gCéadaoin, 1 Meitheamh, 2022. Ina measc, bhí Deirdre Ní Thuathail, Úinéir agus Bainisteoir Chló Iar-Chonnacht, Darach Ó Scolaí, Stiúrthóir Leabhar Breac agus Robert McMillen, Eagarthóir Gaeilge The Irish News.
Foilsitheoirí Gaeilge ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais
Deirdre Ní Thuathail, Úinéir agus Bainisteoir Chló Iar-Chonnacht agus Darach Ó Scolaí, Stiúrthóir Leabhar Breac, ag labhairt ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an Oireachtais ar an 2 Meitheamh, 2022.
Tá an baol ann go ndúnfar tuilleadh d’fhoilsitheoirí na Gaeilge mar gheall ar chiorruithe agus toisc gurb é “an t-aon phlean amháin” atá ag Foras na Gaeilge ná baint de dhream amháin le tabhairt do dhream eile.
Dúirt Deirdre Ní Thuathail, Úinéir agus Bainisteoir Chló Iar-Chonnacht an méid sin ag Cruinniú de chuid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an tseachtain seo. Léigh an t-alt ar fad ar Tuairisc.ie
Féach ar tuairisc le Eibhlín Ní Choisdealbha ar Nuacht TG4 trí Facebook anseo.