Cart 0

Cruinnscríobh na Gaeilge

Note: As with this page, exercises for Cruinnscríobh na Gaeilge are available in Irish only.

Is fearr a bhainfidh foghlaimeoirí tairbhe iomlán as an saothar seo má fhéachann siad le dul i muinín na gceachtanna sa leabhar cló (atá ar díol anseo) mar aon leis na leaganacha digitithe díobh atá ar an suíomh seo i gcomhpháirt lena chéile.

Nuair a réitíodh an leagan idirghníomhach de na ceachtanna sa bhliain 2013, féachadh leis na cleachtaí sa leabhar a dhigitiú agus forbraíodh cleachtaí breise as an nua. Níor fhóir cuid de na ceachtanna sa leabhar clóite don phróiseas digitithe ach fágadh ann iad mar áis bhreise ag lucht úsáidte an tsaothair féin.

Ó am go ham, tabharfaidh an t-úsáideoir faoi deara go bhfuil ord agus leagan amach na gceisteanna sna ceachtanna digitithe beagán éagsúil leis an leagan amach atá sa téacs clóite ach is ar mhaithe le héagsúlacht idirghníomhaíochta agus foghlama atá sé sin amhlaidh. Toisc go bhfuil ceachtanna áirithe sa leabhar nach bhfuil ar fáil ar an suíomh seo, ní i gcónaí a bhíonn uimhreacha na gceachtanna ina sraith iomlán leanúnach. Ceapadh gurbh fhearr i bhfad go mbeadh uimhir na gceachtanna ar an suíomh ag teacht leis na ceachtanna atá sa leabhar féin. Glacaimid leis go dtuigfidh úsáideoirí an tsaothair an chiall a bhaineann leis an gcinneadh sin ó thaobh na mbuntáistí crostagartha de.

Nuair a bhaineann foghlaimeoirí triail as ceacht, tabharfar scór 100% dóibh má fhreagraíonn siad gach ceist i gceart. Sa chás nach bhfuil gach freagra ceart, áfach, agus má chaitheann siad dul siar ar chuid de na freagraí, laghdóidh an gléas scórála an t-uas-scór a cheadófar i gcomhréir le líon na mbabhtaí a theastaíonn chun na freagraí cearta ar fad a aimsiú.

Tá ríomhdhiagnóis idirghníomhach tosaigh ar an suíomh seo freisin. Tástáil ghinearálta atá ann inar féidir le foghlaimeoirí sraith cleachtaí a chomhlíonadh. Maireann an tástáil féin timpeall 10-15 nóiméad, ag brath ar luas an fhoghlaimeora. Nuair atá an tástáil déanta, má chliceálann foghlaimeoirí ar ‘Seiceáil’ ginfear tuairisc ghearr ar shraith bunréimsí den ghramadach agus feicfidh siad ón scór a fhaightear na heasnaimh a bhaineann lena gcuid eolais ar na réimsí sin den ghramadach. Feidhmeoidh torthaí na tástála sin mar threoir dóibh ar na heilimintí den ghramadach is mó ba chóir dóibh díriú orthu.

Is féidir an ríomhdhiagnóis tosaigh a úsáid ag pointe ar bith sa phróiseas foghlama chun cabhrú leis an té atá i mbun na foghlama féinriartha an leas is fearr agus is éifeachtaí a bhaint as an saothar seo.

Brúigh ar an gcnaipe seo thíos chun dul ar aghaidh chuig na ceachtanna ar fad.

0
Cló Iar-Chonnacht