Comhghairdeas le hÁine Ní Ghlinn! 25 May 2015 – Posted in: Gan chatagóir

ISBN:978-1-907494-42-0

Praghas: €6

Comhghairdeas le hÁine a bhuaigh duais CBI le haghaidh ficsin dá leabhar Daideo an tseachtain seo chaite. Bronnadh duais ar Gabriel Rosenstock as a leabhar álainn, Haiku más é do thoil é, freisin. Go bhfios dúinn, ní bhfuair dhá leabhar Gaeilge aitheantas den chineál seo ag gradaim CBI riamh.

Bhí lucht mór féachana sa Lighthouse, idir léitheoirí óga (an dream is tábhachtaí!), údair agus foilsitheoirí ar an 19 Bealtaine do ghradaim ‘Book of the Year’ de chuid CBI. Thug Julia Eccleshare, léachtóir, craoltóir, údar agus eagarthóir leabhair do pháistí don Guardian, caint álainn phaiseanta faoi leabhair don aos óg.

Bronnadh an phríomh-dhuais ar Oliver Jeffers dá leabhar Once upon an alphabet.

Daideo oiriúnach d’aoisghrúpa sách leathan, 12+. Tá sé á léamh ag daltaí rang a sé agus daltaí idibhliana chomh maith le daoine fásta. Tá leagan closleabhar, á léamh ag Áine féin, ar fáil saor in aisce ar www.cic.ie – an-áisiúil do dhaltaí agus d’fhoghlaimeoirí fásta.

 

 

« ‘Splancanna ó shaol eile’ – leabhar na míosa ag ClubLeabhar.com
Leabhar nua le Seán Ó Cuirreáin »