Cois Life books on air 27 January 2017 – Posted in: Léirmheas leabhar, News
Agus muid ag druidim i dtreo dheireadh mhí Eanáir breathnaímid ar leabhair Cois Life a bhí faoi thrácht sna meáin an tseachtain seo. Cuimhnigh go bhfuil lacáiste 20% ar gach leabhar ar an suíomh seo go dtí an 1 Feabhra!
Mar chuid de Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, cuireadh tús le sraith píosaí a thugann cur síos ar na leabhair Ghaeilge is mó díol ar fud na tíre anuraidh. Ar an Máirt, luadh na deich leabhar is mó díol ar www.siopa.ie. Bhí Róisín Adams ann chun cur síos a dhéanamh ar na leabhair ar fad (agus í ina riarthóir ar ClubLeabhar.com).
• Uimhir 3: Éagóir le Seán Ó Cuirreáin.
Is é Éagóir ceann de na leabhair is mó a chuaigh bheidhm ar Róisín le déanaí agus deir sí: “tá sé scríofa go han-mhaith aige agus tá an dearadh atá ar an leabhar go hálainn ach go háirithe.
• Uimhir 4: An Tearmann le Alex Hijmans.
• Uimhir 9: Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne
Cormac: Cé air a bhfuil an leabhar seo dírithe?
Róisín: Déagóirí, is dócha, ach seans maith gur daoine níos sine a léifidh é – is scéal an-soléite é agus léigh mé é in aon bhuille amháin.
Luadh freisin na deich leabhar is mó díol in An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste i 2016, agus bhain An tIriseoir an naoú áit amach ar an liosta sin.
Sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair, seo iad na leabhair Cois Life is mó díol anuraidh:
• Uimhir 3: An tIriseoir
• Uimhir 5: Éagóir le Seán Ó Cuirreáin.
• Uimhir 7. Cinnlínte le Deaglán de Bréadún.
Ar an 25 Eanáir, cuireadh tús le clár nua ar TG4, Léirmheas Leabhar leis an láithreoir Róisín Ní Ghairbhí. Sraith nua é seo ina dtabharfaidh léirmheastóirí agus údair a meas ar leabhair Ghaeilge nua-fhoilsithe. Tá sé urraithe ag Foras na Gaeilge.
Labhair Máire Zepf agus Éamon Ó Dónaill faoi An Tearmann le Alex Hijmans, agus iad á mholadh go hard!
Éamon – “Tá léargas iontach ar an tsaol sa Bhrasaíl ar fáil sa leabhar, agus léargas chomh maith ar an teannas idir pobal amháin agus pobal eile agus sílim go n-éiríonn [leis an údar] atmaisféar iontach a chruthú sa leabhar.”
Máire – “Nuair a léigh mé ar dtús […] bhí mé ag cuardach leathanach eile le fáil amach cad a tharlaíonn!”
Dúirt Máire freisin go ndeachaigh an scéal go mór i bhfeidhm uirthi agus go raibh sí ag smaoineamh air agus an leabhar críochnaithe aice.
Ansin, bhí Máirín Ní Ghadhra agus Pól Ó Muirí i láthair chun a gcuid tuairimí a roinnt faoin leabhar An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín. Seo a bhí le rá acu faoi:
Róisín – “Is dócha go bhfuil lón léitheoireachta ann do an-éagsúlacht léitheoirí.”
Máirín – “Mholfainnse do dhaoine ar bith é!”
Pól – “Má tá tú as cleachtadh le bheith ag léamh seo deis iontach maith chun tús a chur le léitheoireacht i nGaeilge arís agus bainfidh tú sult as mar scéal.”
Má chaill tú an clár, is féidir leat féachaint siar air ar shuíomh TG4, agus leathanach ar leith ann don tsraith ag an nasc seo: http://www.tg4.ie/ga/clair/leirmheas-leabhar/.
Táimid ag tnúth go mór leis an gcéad eagrán eile!