Coimisiúin ó Fhoras na Gaeilge 7 Deireadh Fómhair 2015 – Posted in: Gan chatagóir

Comhghairdeas le Alex Hijmans, Deaglán de Bréadún agus Michal Boleslav Měchura a fuair coimisiún ó Fhoras na Gaeilge i mbliana.

Beidh Alex Hijmans – údar linne mór ráchairte anois – ag tabhairt faoi cnuasach gearrscéalta, Idir dhá thír. Tagann teideal an chnuasaigh ó chruachás na gcarachtar féin, nach bhfuil in áit bhuan ar bith. Tá siad uile ‘idir dhá thír’: ar bord traenach, eitleáin nó báid – nó ina n-aigne féin. Is é an t-idirchultúrachas mórthéama an chnuasaigh seo, a chíorann tíreolaíocht phearsanta an duine i ndomhan ina bhfuil teorainneacha ag dul i ndoiléire. Leanann an saothar seo a chéad chnuasach gearrscéalta, Gonta (Cois Life, 2012) – fós i gcló agus le fáil anseo – a vótáladh mar ceann de na ndeich leabhar gearrscéalta is fearr na tréimhse seo in Comhar na Nollag 2013. Táimid ag tnúth leis an gcnuasach nua!

Cé nár fhoilsigh Cois Life saothar le Deaglán de Bréadún cheana, tá aithne ag an bpobal mór air ó na blianta atá caite aige ag scríobh do The Irish Times agus The Irish Sun. Tá sé ar scoir anois ach fós ag scríobh. Foilseofar a chéad leabhar Gaeilge san fhómhar, 2016, Cinnlínte, a thugann cur síos ar scéalta móra nuachta a chlúdaigh sé ina ghairm mar iriseoir. Tuilleadh faoin leabhar anseo.

Is údar nua é Michal Boleslav Měchura freisin a bhfuil leabhar fíor-spéisiúil idir lámha aige, An Ríommhaire Ilteangach. Tá obair mhór déanta aige ar na hacmhainní digiteacha Gaeilge le roinnt blianta anuas – tearma.ie, logainm.ie, ainm.ie, potafocal.com agus teanglann.ie. Anois, tá sé chun a shaineolas ar an ríomhaireacht ilteangach a chur ar fáil i dtreoirleabhar a bheidh ina acmhainn luachmhar do dhuine ar bith a phléann leis an nGaeilge agus le ríomhaire.

 

 

« Aoi-bhlag le Labhrás Ó Finneadha: ‘Íbíotsa’
Gradam Leabhar Leanaí Chumann Litearthachta na hÉireann do ‘Daideo’ »