Closleabhar saor in aisce – Daideo le hÁine Ní Ghlinn 5 Meitheamh 2014 – Posted in: Gan chatagóir

Is féidir éisteacht leis an gclosleabhar saor in aisce anseo>>
Forbairt stairiúil eile ó Cois Life – an chéad chlosleabhar Gaeilge á thairiscint saor in aisce i modh digiteach. Léann an t-údar cáiliúil Áine Ní Ghlinn a saothar nua Daideo ar thaifead gairmiúil a rinneadh go speisialta.  Is féidir éisteacht leis an gclosleabhar ach cliceáil ar an gcnap dearg thíos, nó é a íoschóipeáil nó a roinnt le daoine eile trí na meáin shóisialta ón seinnteoir soundcloud thíos. Má dhéantas é a íoschóipeáil is féidir éisteacht leis ar iTunes nó seinnteoir mp3 eile agus é a dhó ar dhlúthdhiosca. Tá ábhar clúdaigh do dhlúthdhiosca san íomhá thuas.
Is féidir an bunleabhar féin a cheannach i gcóip chrua nó i bhfoirm ríomhleabhair ar www.deirdreo2.sg-host.com ach cliceáil anseo. Tá an t-úrscéal an-oiriúnach do leanaí 12-14 a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu – agus do dhaoine fásta a dtaitníonn scéalaíocht den scoth leo. Bain taitneamh as!
 
« Aoi-bhlag Alex Hijmans – An post lae agus an méar fhada
Sliocht as Sciorrann an t-am le hOrna Ní Choileáin (‘Quick Pick’) »