Cló Iar-Chonnacht: 40 Bliain de Litríocht & Ceol á Cheiliúradh ag Cúirt 2025 24 Aibreán 2025 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: , ,

Cló Iar-Chonnacht: 40 Bliain de Litríocht & Ceol á Cheiliúradh ag Cúirt 2025

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a tháinig le chéile in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh ar an Domhnach, 13 Aibreán, le 40 bliain de fhoilsitheoireacht Ghaeilge le Cló Iar-Chonnacht a cheiliúradh mar chuid den Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt 2025.

Lá fíorspeisialta a bhí ann a thug léargas ar shaibhreas na litríochta Gaeilge, an dinnseanchais, na hamhránaíochta ar an sean-nós agus an cheoil thraidisiúnta Ghaelaigh. Níorbh fhéidir an ócáid a chur i gcrích gan tacaíocht ón bpobal agus ó na scríbhneoirí, filí, amhránaithe, ceoltóirí agus aisteoirí a ghlac páirt.

Táimid fíorbhuíoch d’fhoireann na Taibhdheirce as fáilte chroíúil a chur roimh chách agus as freastal cineálta a dhéanamh ar chuairteoirí i gcaitheamh an lae, ó mhoch go mall.

Gabhaimid buíochas speisialta leis na healaíontóirí a chuir a gcuid oibre i láthair le paisean agus draíocht:
Bridie Ní Churraoin, Caitlín Ní Chualáin, Colm Ó Dubháin, Eithne Ní Ghallchobhair, Eoghan Ó Riada, Lillis Ó Laoire, Máirtín Tom Sheáinín, Marcus Mac Conghail, Micheál Ó Conghaile, Michelle Nic Pháidín, Nóirín Ní Ghrádaigh – míle buíochas libh go léir!

Comhghairdeas ó chroí le gach file a bhfuil a saothar sa leabhar nua Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File, a seoladh mar chuid den ócáid. Buíochas freisin leis na filí a léigh a ndánta dúinn ar an lá.

Beidh físeáin ón gceiliúradh, a thaifead Seán Ó Mainnín, le fáil go luath ar YouTube Chló Iar-Chonnacht agus ar na meáin shóisialta. Ár mbuíochas leis freisin as na pictiúir áille a ghlac sé ar an lá.

Tá muid buíoch freisin den Fhéile Litríochta Cúirt, de John Caulfield (Cathaoirleach Bhord Ionad Ealaíne na Gaillimhe), agus de Shiopa Leabhar Charlie Byrne’s, a chuir seastán leabhar ar fáil san bhforhalla.

Ár mbuíochas le Foras na Gaeilge, leis An Chomhairle Ealaíon, agus le hEalaín na Gaeltachta a thug tacaíocht d’imeachtaí na hócáide, agus don seisiún Dinnseanchais.

Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar-líne ar siúl ar an 9 Meitheamh bunaithe ar ábhar an Dinnseanchais – coinnigh súil amach má tá suim agat sa scríbhneoireacht chruthaitheach Ghaeilge.

Táimid buíoch do RTÉ Raidió na Gaeltachta, go háirithe na cláir An Cúinne Dána agus Iris Aniar, chomh maith le Nuacht TG4, Molscéal, Tuairisc.ie, an Galway Advertiser, Books Ireland, an Connacht Tribune agus an Irish Times as spéis a léiriú san ócáid.

« Ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais
Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ag Cúirt 2025 »