Cló Iar-Chonnacht ag Oireachtas na Samhna 2023 31 Deireadh Fómhair 2023 – Posted in: Seoltaí leabhar – Clibeanna: , ,

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, thú a bheith i láthair ag imeachtaí agus seoltaí leabhair a bheidh á reáchtáil againn i rith Oireachtas na Samhna. Míle buíochas le Oireachtas na Samhna as gach cúnamh agus tacaíocht chun na himeachtaí seo a eagrú.

Ár mbuíochas leis na scríbhneoirí agus leis na cainteoirí a bheidh linn i rith an Oireachtais.

Seolfaidh Liam Mac Cóil an leabhar An Dá Shaol Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn le Pádraic Mac Donncha ag ócáid ag Aonach an Oireachtais ar an Aoine, 3 Samhain ag 4 i.n.

Beidh an pictiúrleabhar nua An Crann Cois na Trá, an leagan Gaeilge le Fearghas Mac Lochlainn á sheoladh ag Máirtín Ó Dubhghaill ar an Satharn, 4 Samhain ag Aonach an Oireachtais ag 2:00 i.n.

Filleann an ócáid ‘SLIOCHT – Léamha Próis’ i mbliana. Is é An Dinnseanchas téama na bliana seo agus is iad na scríbhneoirí a bheidh ag léamh óna saothar ná Áine Uí Fhoghlú, Ógie Ó Céilleachair agus Micheál Ó Conghaile.

Tá muid ag súil go mór le sibh a fheiceáil ann!

Buíochas mór le Gráinne in An Siopa Leabhar a bheidh ag díol leabhar le Cló Iar-Chonnacht chomh maith le leabhair Ghaeilge eile ag an bpreabshiopa i rith an Oireachtais.

Beidh cóipeanna atá sínithe ag na húdair de na leabhair An Dá Shaol: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn le Pádraic Mac Donncha, An Crann Cois na Trá, an leagan Gaeilge le Fearghas Mac Lochlainn, agus Sa Pholl Báite le Anna Heussaff ar fáil ó phreabshiopa An Siopa Leabhar, chomh maith le rogha mór eile.

Buail isteach chucu ag Aonach an Oireachtais.

#OnaS23

« Cathal Póirtéir i gcomhrá le Éilís Ní Dhuibhne
Trí leabhar le Cló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge sna An Post Irish Book Awards. »