Ceardlanna scríbhneoireachta bunaithe ar an dinnseanchas 15 Aibreán 2021 – Posted in: Nuacht

Stiúrthóirí na gCeardlann:
Máire Uí Dhufaigh agus Micheál Ó Conghaile
Ceardlann 1: Filíocht, 10 Bealtaine 2021, 19.00–21.00
Ceardlann 2: Prós, 17 Bealtaine 2021, 19.00–21.00
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sna ceardlanna saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean nó aiste –  gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an 5 Bealtaine 2021.
• Beidh spás do sheisear ar gach ceardlann.
• Is féidir le hiarrthóirí cur isteach ar an dá cheardlann.
• Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
• Níl aon táille le n-íoc as freastal ar na ceardlanna seo.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag na ceardlanna.

Tuilleadh eolais:
Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Ríomhphost: moccic22@outlook.com
Guthán: (091) 593307
www.cic.ie

Tá na ceardlanna seo á n-eagrú le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta

« Seimineár Bhreandáin Uí Eithir
Ceardlann scríbhneoireachta idirnáisiúnta le Cló Iar-Chonnacht »