Ceardlann Scríbhneoireachta Idirnáisiúnta 6 Deireadh Fómhair 2022 – Posted in: Blog – Clibeanna:

Beidh ceardlann scríbhneoireachta do scríbhneoirí Gaeilge go hidirnáisiúnta á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht ar-líne ar an Satharn, 29 Deireadh Fómhair, 2022.

Stiúrthóirí na ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí próis agus/nó filíochta ar spéis leo páirt a ghlacadh sa gceardlann teagmháil a dhéanamh le Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com.

Ceardlann Scríbhneoireachta Idirnáisiúnta Deireadh Fómhair 29, 2022

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá in gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé. Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú. Beidh áit do ochtar ar fad ar an gceardlann.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán) sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com  ROIMH an 21 Deireadh Fómhair 2022.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo.

Tuilleadh eolais:

ó Mhicheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com

agus/nó Bridget Bhreathnach ag poibliocht@cic.ie 

« Seoladh Ór agus Mil le Dave Duggan i gCultúrlann Uí Chanainn
Cúrsaí foilsitheoireachta pléite ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais »