Ceardlann Scríbhneoireachta i mBaile Bhuirne 14 Meán Fómhair 2026 – Posted in: Ceardlann, Nuacht, Agallaimh – Clibeanna: Ceardlann, Dinnseanchas
Ceardlann Scríbhneoireachta i mBaile Bhuirne
Saothar nua ar ábhar an dinnseanchais.
Tá ceardlann á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar leis an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, do scríbhneoirí Gaeilge.
Beidh an cheardlann ar siúl in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh, Baile Mhúirne, Co. Chorcaí, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2026, óna 2.00 i.n. go dtí 5.00 i.n. Is é ‘Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas’ téama na ceardlainne.
Beidh an cheardlann á stiúradh ag Seán Óg Ó Duinnín agus Lorraine Ní Chathasaigh, i gcomhar le Micheál Ó Conghaile. Déanfar iniúchadh ar an dinnseanchas sa litríocht chruthaitheach, idir mhiotais, an tírdhreach, logainmneacha, an béaloideas agus gnéithe eile, agus ar an gcaoi a dtagann na gnéithe sin chun cinn i saothar cruthaitheach scríbhneoireachta.
Tá fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe acu cheana féin agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú. Níl aon táille le n-íoc as freastal ar an gceardlann, ach beidh spás d’ochtar nó mar sin.
Más mian leat a bheith páirteach sa gceardlann, seol dán nó dhó nó píosa próis – ficsean, splancscéal nó aiste – nach dtéann thar 5 leathanach, i gcomhad Word chuig moccic22@outlook.com, roimh Dé Sathairn, 17 Deireadh Fómhair 2026.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann.
Léamh Poiblí: Dinnseanchas
An tráthnóna céanna, beidh Seán Óg Ó Duinnín agus Lorraine Ní Chathasaigh ag léamh a saothair nuachumtha ar théama an dinnseanchais agus i gcomhrá le Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht.
📅 Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2026
🕗 8.00 i.n.
📍 Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh, Baile Mhúirne, Co. Chorcaí, P12 X239
Tá fáilte roimh chách!
Beidh taispeantás leabhar ó Chló Iar-Chonnacht ann le linn na hoíche.
