Ceardlann scríbhneoireachta ar théama an dinnseanchais i gColáiste na Rinne 13 Feabhra 2024 – Posted in: Nuacht

Eolas mar gheall ar an gceardlann

Tá ceardlann scríbhneoireachta ar théama an dinnseanchais á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar leis an bhféile litríochta Cúirt i gColáiste na Rinne.

Stiúrthóirí na ceardlainne:

Áine Uí Fhoghlú agus Ógie Ó Ceilleachair i gcomhar le Micheál Ó Conghaile

Pictiúr d'Ógie Ó Céilleachair agus Áine Uí Fhoghlú, beirt scríbhneoirí a bheidh ag stiúradh na ceardlainne.

Ógie Ó Céillachair agus Áine Uí Fhoghlú

 

Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, ceardlann a eagrú do scríbhneoirí Gaeilge  i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach.

Beidh an cheardlann ar bun ar an Satharn 6 Aibreán, 2024, óna 2.00i.n–5.00i.n. Téama na ceardlainne ná ‘Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas’.

 

 

 

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean, splancscéal nó aiste –  gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an Satharn 30 Márta 2024.

  • Beidh spás d’ochtar nó mar sin ar an gceardlann.
  • Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
  • Níl aon táille le n-íoc as freastal ar an gceardlann seo.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann.

Dinnseanchas: Áine Uí Fhoghlú & Ógie Ó Céilleachair i gcomhrá le Micheál Ó Conghaile

Ionad: Coláiste na Rinne

Dáta: Dé Sathairn, 6 Aibreán, 2024

Am: 8:00 i.n.

Tá fáilte roimh chách!

Tráthnóna na ceardlainne, ar an Satharn 6 Aibreán, 2024, cuirfidh beirt scríbhneoirí ó Ghaeltacht na Rinne, Áine Uí Fhoghlú agus Ógie Ó Céilleachair, a saothar nuachumtha ar théama an dinnseanchais i láthair. Is é Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht a bheidh ina fhear an tí.

Seo tionscadal ar cuireadh tús leis dornán blianta ó shin le nasc a chruthú idir scríbhneoirí Gaeilge Gaeltachta as Éirinn agus scríbhneoirí Māori na Nua-Shéalainne chun iniúchadh a dhéanamh ar an dinnseanchas.

  • Miotais
  • Tírdhreach
  • Béaloideas

agus an stair choilíneach atá coitianta ina gcultúr éagsúil. Breathnaíonn an tionscadal ar an mbealach a thagann na gnéithe sin chun cinn ina saothar cruthaitheach scríbhneoireachta.

« Ceardlann idirnáisiúnta do scríbhneoirí Gaeilge ar-líne
Book launch: Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile »