Ceardlann Scríbhneoireachta ar an Dinnseanchas 3 July 2023 – Posted in: Nuacht, Scríbhneoireacht – Clibeanna: , , ,

Ceardlann scríbhneoireachta ar théama an dinnseanchais á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Cúirt.

Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, ceardlann a eagrú  trí Zoom do scríbhneoirí Gaeilge ar an Luan 31 Iúil, 2023, óna 19.00-22.00.

An téama a bheidh ag an gceardlann ná ‘Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas’. Is iad Áine Uí Fhoghlú, Ógie Ó Céilleachair, agus Micheál Ó Conghaile stiúrthóirí na ceardlainne.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean nó aiste –  gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an Luan 24 Iúil 2023.

Ceardlann scríbhneoireachta ar an dinnseanchas

 

  • Beidh spás do sheisear ar an gceardlann.
  • Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
  • Níl aon táille le n-íoc as freastal ar an gceardlann seo.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann.

« Lascaine 50% ar leabhair na bhFlaitheartach
Drámaí Bunscoile – Ceol agus Amhráin »