Ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais 13 May 2024 – Posted in: Nuacht, Scríbhneoireacht – Clibeanna: Micheál Ó Conghaile, Ceardlann, Mícheál Ó Ruairc, Bríd Ní Mhóráin
Ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais á heagrú ar-líne
Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, ceardlann a eagrú ar-líne do scríbhneoirí Gaeilge ar an Luan 10 Meitheamh óna 7:00 i.n. go dtí a 10:00 i.n. Am na hÉireann.
An téama a bheidh ag an gceardlann ná ‘Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas’.
Stiúrthóirí na ceardlainne:
Mícheál Ó Ruairc agus Bríd Ní Mhóráin i gcomhar le Micheál Ó Conghaile
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean, splancscéal nó aiste – gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an Satharn 4 Meitheamh 2024.
- Beidh spás d’ochtar nó mar sin ar an gceardlann.
- Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
- Níl aon táille le n-íoc as freastal ar an gceardlann seo.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
