Ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais 19 May 2025 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: Micheál Ó Conghaile, Ceardlann, Michelle Nic Pháidín, Dinnseanchas, Eithne Ní Ghallchobhair
Ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais
Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, ceardlann a eagrú trí Zoom do scríbhneoirí Gaeilge ar an Luan 9 Meitheamh, 2025, óna 19.00-22.00. An téama a bheidh ag an gceardlann ná ‘Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas’.
Stiúrthóirí na ceardlainne:
Michelle Nic Pháidín, Eithne Ní Ghallchobhair agus Micheál Ó Conghaile
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean nó aiste – gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an Luan 1 Meitheamh 2025.
Beidh spás do idir 8-12 ar an gceardlann.
Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
Níl aon táille le n-íoc as freastal ar an gceardlann seo.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann.
Céard is Dinnseanchas ann?
Séard is dinnseanchas ann ná foirm thraidisiúnta scríbhneoireachta Gaeilge a mhíníonn bunús logainmneacha in Éirinn trí scéalta, miotaseolaíocht agus béaloideas. Tagann an focal ón bhfocal ‘dind’, a chiallaíonn cnoc, agus an focal ‘senchas’, a chiallaíonn scéalta nó stair. Tagraíonn sé don eolas a cheanglaíonn an tírdhreach le cuimhne agus miotaseolaíocht na ndaoine.
I dtraidisiún an dinnseanchais tugtar beocht don tírdhreach trí úsáid fhileata na teanga agus scéalaíocht shamhlaíoch. Mínítear ainmneacha áit trí scéalta ina mbíonn laochra, déithe, tragóidí, eachtraí móra agus carachtairí láidre agus ar an mbealach sin cruthaítear mapa saibhir scéalaíochta den tír. Tá scéalta den chineál seo le fáil i sean lámhscríbhinní Éirenanacha, leithéidí Lebor Gabála Érenn agus Dindshenchas Érenn. Bhí tionchar ag an dtraidisiún ar fhilíocht na mbardaí a tháinig ina dhiaidh.
Tá níos mó i gceist leis an dinnseanchas ná díreach staidéar ar ainmneacha áite, is bealach é le tuiscint a fháil ar an domhan trí scéalta. Ceanglaíonn sé an teanga leis an talamh agus na daoine leis an áit, caomhnaíonn sé cuimhne cultúrtha trí na logainmneacha atá tugtha ar thírdhreach na hÉireann. Fiú sa lá atá inniu ann tá lorg thraidisiún scéalaíochta an dinnseanchais le feiceáil i litríocht chomhaimseartha na hÉireann agus scéalaíocht a bhaineann le háiteanna.
