Ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge 29 Meán Fómhair 2023 – Posted in: Nuacht, Scríbhneoireacht – Clibeanna: Micheál Ó Conghaile, Ceardlann, Ciarán Ó Fátharta
Tá an cheardlann seo á heagrú i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Pádraig Ó hAoláin (1944–2021) a thacaigh go mór le cur chun cinn na n-amhrán is an cheoil thraidisiúnta agus na n-ealaíon dúchais fré chéile. Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán (den uile chineál), agallaimh bheirte agus lúibíní. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadoirí aitheanta agus ó chumadóirí nua

Seol iarratas isteach
Tugtar cuireadh do chumadóirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: amhrán nuachumtha, agallamh beirte nó lúibín a sheoladh chuig CIC, ag moccic22@outlook.com roimh an 21 Deireadh Fómhair 2023.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach cumadóra chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh is a mheas. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim óna chéile.
Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.
Tuilleadh eolais
Bridget Bhreathnach nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307
Ríomhphost: moccic22@outlook.com
