Ceardlann ar an bprós-scríbhneoireacht le Alex Hijmans 25 Márta 2015 – Posted in: Gan chatagóir

Ó leathanach lán go leathanach bán

Ceardlann in Áras na Scríbhneoirí ar an 16 Bealtaine

Uirlisí na ceirde a thabhairt dóibh siúd ar suim leo an phrós-scríbhneoireacht is cuspóir don diancheardlann lae seo. Ar aimsiú agus forbairt scéalta a dhíreofar ach go háirithe; pléifear próiseas na heagarthóireachta agus tabharfar léargas ar shaol an scríbhneora phroifisiúnta. Roinnfear cleachtais phraiticiúla leis na rannpháirtithe a spreagfaidh i mbun pinn iad agus a chuirfidh ar a gcumas cosán an scríbhneora a shiúl leo féin. Trí Ghaeilge a reachtáilfear an cheardlann.

Is féidir suas le 14 duine freastal ar an gceardlann ar an bpraghas iontach de €60 an duine (nó €50 an duine más ball den Áras é nó í).

Scríbhneoir ficsin agus neamhfhicsin é Alex Hijmans. Tá trí leabhar leis foilsithe ag Cois Life:

Splancanna ó shaol eile (2013): Tugtar léaspairtí ar an mBrasaíl i gcéad grianghraf agus céad aiste ghearr.

Gonta (2012): Cnuasach gearrscéalta faoi ghonta mhuintir Bahia.

Aiséirí (2011): Úrscéal faoin idéalachas, dílseacht, grá … agus caife.

Foilseoidh Cois Life a chéad saothar eile, An Tearmann, úrscéal, in 2016.

 

 

« Teidil nua ó Antain Mac Lochlainn!
Daideo le hÁine Ní Ghlinn ar Ghearrliosta Ghradaim Leabhair Pháistí »