Cathal Póirtéir i gcomhrá le Éilís Ní Dhuibhne 2 Samhain 2023 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: ,

An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair

Cathal Póirtéir i gcomhrá le Éilis Ní Dhuibhne

mar chuid de chlár imeachtaí IMRAM Féile Litríochta Gaeilge i bpáirt le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath sa Chester Beatty, Baile Átha Cliath 2.

Dé Sathairn, 11 Samhain ag 3:00 i.n.

Cead isteach in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré: Cliceáil ANSEO.

An té a thabharfadh sciuird thart timpeall na hEaragaile agus ceantar Ghaoth Dobhair, tiocfaidh siad ar óstán breá darb ainm an Chúirt. Tiarna talún áitiúil a thóg, darbh ainm George Hill. Is doiligh a rá cén sórt duine a bhí ann, óir is iomaí scéal a mhaireann faoi, idir mhaith agus olc.

Déanann Cathal Póirtéir iarracht sa leabhar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair fíricí agus barúlacha faoi Hill agus Gaoth Dobhair a tharraingt le chéile lena gcomhthéacs staire agus pearsana, le cuidiú linn a oidhreacht sa cheantar a mheas go cothrom.

Foilsíodh paimfléad in 1845, ‘Facts from Gweedore’ a chuir go mór le clú Hill. Tugann sé insint Hill ar an obair a rinne sé i nGaoth Dobhair, i bhfocail Sir James Dombrain. Is é léargas an tiarna talaimh atá ann agus ní raibh achan duine ar aon intinn faoin mhéid a rinne Hill sa pharóiste. D’éirigh coimhlint idir an tiarna talaimh, na sagairt agus pobal Ghaoth Dobhair sna 1850í agus tá cur agus cúiteamh faoin scéal ó shin.

Scríbhneoir agus craoltóir é CATHAL PÓIRTÉIR a chuireann spéis ar leith i litríocht na Gaeilge, béaloideas na hÉireann agus cúrsaí staire. 

« Mórsheoladh leabhair ag IMRAM
Cló Iar-Chonnacht ag Oireachtas na Samhna 2023 »