Tá Caoimhín Coinín ag dul a luí. Is sraith álainn iad na leabhair seo faoi choinín gleoite chun tús a chur le scéalaíocht le leanaí an-óg. Bíonn an páiste gníomhach sna scéalta.
Rang Beag Scríbhneoireachta Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht, i gcomhar le meitheal aoiscríbhneoirí, físeáin nua a fhoilsiú mar chuid den tsraith ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’, ag tosú ar an gCéadaoin, 29 Meán Fómhair, 2021. Gach seachtain, beidh ceacht i gceird na scríbhneoireachta á eisiúint ar-líne againn anseo ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus ar chainéal YouTube Chló Iar-Chonnacht. Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte sa gcuid seo den tsraith ná, Eithne Ní Ghallchobhair,… Léigh tuilleadh
Tá cnuasach nua gearrscéalta le Alex Hijmans foilsithe againn! Is é Idir dhá thír an dara cnuasach gearrscéalta leis an údar aitheanta seo, tar éis dúinn Gonta a fhoilsiú sa bhliain 2012. Seo chugaibh físeán gearr a chur sé le chéile chun an saothar nua a phlé. Léigh tuilleadh
Tá colún scríofa ag Alex Hijmans ar Tuairisc.ie ina labhraíonn sé faoi shuíomh an scéil agus an tionchar a bhíonn aige sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Labhraíonn sé faoin áit a bhfuil a úrscéal is déanaí, An tearmann, lonnaithe — agus faoin gcaoi a chum sé an áit shamhalta sin. Ach an oiread le duine a mbeadh teach á thógáil aige, mar sin, ní mór don scríbhneoir a bheith cúramach agus suíomh á roghnú aige. Ar ndóigh, ní…
Tá píosa scríofa ag údair linne, Colm Ó Ceallacháin ar Tuairisc.ie faoin scríbhneoireacht. Seo blaiseadh beag de: Scríobhaim go páirtaimseartha, is é sin, scríobhaim nuair is féidir liom. Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht (is sa dréacht deiridh freisin, b’fhéidir), rud a shaorann mé le scríobh gan srian. Má ritheann an t-ádh liom beidh rud éigin – téama, coibhneas, líne comhrá fiú – le tarrtháil ón bpraiseach seo, rud éigin gur féidir…
Scríobh údar linne, Orna Ní Choileáin, aoi-bhlag ar writing.ie le déanaí, ag cur síos ar na deacrachtaí is mó a bhaineann le scéalta a scríobh do léitheoirí óga. Inspreagadh scríbhneoireachta Thug mé faoi deara go raibh easpa leabhar sa seánra fantasaíochta i nGaeilge agus theastaigh uaim an bearna a líonadh. Nuair a shocraigh mise gur leabhar le vaimpír a bheadh á scríobh agam, theastaigh uaim go mbeadh sé éagsúil ón méid a bhí ar fáil cheana.…