Book launch: Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile 12 Feabhra 2024 – Posted in: Nuacht – Clibeanna:

CUIREADH

Seoladh Leabhair

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le An Siopa Leabhar, thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Mícheál Ó Ruairc an cnuasach gearrscéalta

Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile

Majella Ní Dhomhnaill

 In An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Déardaoin, 7 Márta ag 6:30 i.n.

Achoimre

Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo.

Sa chéad chnuasach gearrscéalta so dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnnq agus iontais na linne seo.

“Is scríbhneoir í Majella Ní Dhomhnaill a bhfuil tuiscint dhomhain aici ar aigne an duine agus tá ar a cumas carachtair inchreidte a chruthú ar an dóigh chéanna. Tá a méar aici ar chuisle na beatha nua-aimseartha agus tuigeann sí conas gearrscéal críochnúil a chur os comhair an tsaoil i nGaeilge chruinn, shimplí atá éasca a léamh.” – Mícheál Ó Ruairc

 

Grianghraf den scríbhneoir Majella Ní DhomhnaillMajella Ní Dhomhnaill

As Bré i gContae Chill Mhantáin do Mhajella Ní Dhomhnaill agus cónaí uirthi faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Achtúire agus máthair beirt pháistí óga í agus cuireann sí peann le pár nuair a bhíonn am saor aici!

Foilsíodh úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta, Mise do Mhamó (LeabhairCOMHAR) léi sa bhliain 2020 agus craoladh a céad dráma raidió, Bíobla don Bheirt Againn, in 2023.

Tá gradaim bainte amach aici le beagán de bhlianta anuas ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus ag comórtais de chuid Manchester Irish Language Group. Is é seo a céad chnuasach gearrscéalta.

« Ceardlann scríbhneoireachta ar théama an dinnseanchais i gColáiste na Rinne
Leabhair do Lá Fhéile Vailintín »