BOLD GIRLS: údair CL páirteach i bhfeachtas Leabhair Pháistí Éireann 8 Márta 2018 – Posted in: Nuacht

‘An áit a mbíonn mná bíonn clampar’ mar a dúirt an té a dúirt. Bhuel anois, nár chóir go mbeadh! Bíodh muinín ag cailíní óga astu féin, as a tuairimí, agus as raic a thógáil! Tá Leabhair Pháistí Éireann ag tabhairt aitheantas don tábhacht agus don fhiúntas a bhaineann le clampar na mban agus clampar na gcailíní leis an togra BOLD GIRLS.

Díríonn BOLD GIRLS ár n-aird ar scór banúdar/banmhaisitheoir a bhfuil saothar tábhachtach don aos óg foilsithe acu, agus ar liosta leabhar ina bhfuil eiseamláirí mealltacha do léitheoirí óga – banlaochra, cailíní dána agus mná láidre ina measc.

Táimid fíorbhródúil go bhfuil scata údar linne luaite ann: comhghairdeas le Siobhán Parkinson, Áine Ní Ghlinn, Orna Ní Choileáin agus Éilís Ní Dhuibhne as a sárobair!

Fiosrach? Bain triail as Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir, Hata Zú MhamóAisling nó Iníon A … agus b’fhéidir go mbeidh banlaoch ó pheann Orna ag teacht go luath …

« Gradam Uí Shúilleabháin 2018 ag Oilithreach Pinn
LÉIRMHEAS: Áine Ní Ghlinn ag plé ‘I dtír mhilis na mbeo’ »