Stiúrthóirí na gCeardlann: Máire Uí Dhufaigh agus Micheál Ó Conghaile Ceardlann 1: Filíocht, 10 Bealtaine 2021, 19.00–21.00 Ceardlann 2: Prós, 17 Bealtaine 2021, 19.00–21.00 Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sna ceardlanna saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean nó aiste – gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an 5 Bealtaine 2021. • Beidh spás
Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá in gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé. Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú. Beidh áit do ochtar ar an gceardlann. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán) sliocht as úrscéal nó
Scéal Phádraig Naofa | St. Patrick’s Story
Leabhar i mBéarla agus i nGaeilge ina n-insítear scéal Naomh Pádraig. Tá an bunscéal scríofa ag Gabrielle Bean Uí Dhomhnaill agus tá an leagan Gaeilge scríofa ag Alan Titley. San áireamh sa leabhar freisin, tá an scéal á aithris as Béarla ag an aisteoir Maureen O’Hara. Téanna dála den praghas ar gach leabhar go dtí an Jack and Jill Foundation, carthanacht a thugann tacaíocht altraíochta sa mbaile do pháistí atá tinn. Naomh
Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas. Ina measc, tá cuntas ar Dhónall Farmer (1937–2018), múinteoir, stiúrthóir teilifíse agus aisteoir a rugadh i gcathair Chorcaí. Chaith sé dhá scór bliain os comhair an cheamara, ar an stáitse nó ag stiúradh drámaí i nGaeilge agus i mBéarla i móramharclanna na tíre agus i gcinn nárbh iad. Ba nós leis a bheith ina mholtóir freisin ag féilte drámaíochta Gaeilge. Nuair
Bíonn an pholaitíocht i gcónaí áitiúil, deirtear agus is cinnte go raibh sé sin fíor i gcás Sheáin Uí Neachtain. Easpa córas uisce poiblí i gceantar an Spidéil a tharraing isteach i dtreo na polaitíochta é an chéad lá riamh. Ba ag stocaireacht ar son na cúise sin mar chathaoirleach ar an gcoiste pobail agus mar rúnaí ar chumann Fhianna Fáil i dtús na seachtóidí a d’fhoghlaim sé ceird an ghníomhaire pobail. As sin tháinig