Tá lascaine 20% le fáil ar leabhair ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht go dtí an 2 Feabhra mar cheiliúradh ar Leabhra Feabhra. Cuirfear an lascaine i bhfeidhm ar gach ordú leabhair ar an suíomh idirlín ach an cód cúpóin ‘LF22’ a chur isteach agus tú ag seiceáil amach. Traidisiún do mhuintir na Gaeilge is ea Leabhra Feabhra ar cuireadh tús leis sa mbliain 2015. Is Gaeil na mór-roinne a tháinig anuas leis an
Tá Sladmhargadh na Nollag Chló Iar-Chonnacht ar bun ó 1 go 23 Nollaig, 2021 sa siopa in An Spidéal agus ar líne ag www.cic.ie. Tá lascaine suas le 50% le fáil ar réimse leathain leabhar agus dlúthdhioscaí. Buail isteach nó brabhsáil an rogha ar líne. Uaireanta oscailte sa mbreis Beidh muid ar oscailt ó Luan go hAoine mar is gnáth agus ar oscailt gach Satharn agus Domhnach i rith mhí na Nollag go dtí 24
Togra Scríbhneoirí Gaeilge agus Maoraise na Nua-Shéalainne Dé Céadaoin, 24 Samhain, 20.00 ar Zoom Cliceáil ar an nasc seo le freastal ar an ócáid trí Zoom ar-líne ar an gCéadaoin, 24 Samhain ag 20:00 (am na hÉireann). Sa togra seo, tugadh cuireadh do bheirt scríbhneoirí ó Ghaeltacht na Gaillimhe agus do bheirt scríbhneoirí Maoracha píosa nua scríbhneoireachta a chruthú faoin teideal Dinnseanchas agus é a chur i láthair ag Féile CÚIRT na Gaillimhe i mí
Tá an leabhar nua An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag le Áine Ní Chonghaile ainmnithe ar Ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana ag na An Post Irish Book Awards. Tá an duais urraithe ag Love Leabhar Gaeilge. Beidh An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag á sheoladh an Déardaoin, 4 Samhain, 2021. Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh a sheolfaidh an saothar nua san Ionad Pobail i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe ag
Rang Beag Scríbhneoireachta Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht, i gcomhar le meitheal aoiscríbhneoirí, físeáin nua a fhoilsiú mar chuid den tsraith ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’, ag tosú ar an gCéadaoin, 29 Meán Fómhair, 2021. Gach seachtain, beidh ceacht i gceird na scríbhneoireachta á eisiúint ar-líne againn anseo ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus ar chainéal YouTube Chló Iar-Chonnacht. Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte sa gcuid seo den tsraith ná, Eithne Ní Ghallchobhair,