Bí ag faire amach don fhear fada caol dubh! Tuairimí ag Katie Ní Loingsigh ar mhargadh Shéanna 25 Feabhra 2016 – Posted in: Gan chatagóir

Nochtann Katie Ní Loingsigh (Cúntóir eagarthóireachta taighde, Fiontar) a tuairimí ar scéal Shéanna, a foilsíodh ar dtús in 1904 é, ar theacht amach eagrán nua ag Caoilfhionn Nic Pháidín.

‘Bíodh ina mhargadh,’ arsa Séanna.
‘Gan teip?’ arsa an Fear Dubh.
‘Gan teip,’ arsa Séanna.
‘Dar bhrí na mionn?’ arsa an Fear Dubh.
‘Dar bhrí na mionn,’ arsa Séanna.

Cad atá i ndán don té a dhéanann margadh leis an diabhal? Tugtar léargas san eagrán nuachóirithe seo de Séanna ar an tionchar a bhíonn ag an margadh míchlúiteach úd ar Shéanna, príomhcharachtar an leabhair, ar a aigne agus ar a phobal muinteartha. Cuireann an léitheoir aithne ar Shéanna, duine trócaireach agus é ar a shuaimhneas ag obair leis mar ghréasaí bróig ag tús an leabhair, ach tagann athrú ar a phort i ndiaidh don fhear fada caol dubh casadh air. Buntáiste ar leith a bhaineann leis an eagrán nua seo de Séanna is ea na léaráidí mealltacha atá fite fuaite ina chéile sa leabhar. Ní hamháin go gcuireann an léitheoir aithne ar charachtair Uí Laoghaire tríd an scéal a léamh ach tugann léaráidí Olivia Golden léargas breise ar na carachtair chéanna.

Bhí bua an chur síos ag Peadar Ó Laoghaire agus tarraingítear aird ar thábhacht an phobail do Shéanna sa mhionchur síos a dhéantar ar an gceantar ina bhfuil sé ag cur faoi, ar spiorad na ndaoine muinteartha agus ar phearsantachtaí na gcarachtar sa scéal. Tarraingítear aird an léitheora ar phríomthéamaí an scéil – an choimhlint idir an mhaith agus an t olc, an muintearas idir na daoine, diúltú don chathú agus lúbaireacht an Fhir Dhuibh sa scéal idirnáisiúnta béaloidis seo. Taispeántar go ríshoiléir a bhfuil i ndán don té a dhéanann margadh leis an diabhal. Baintear athúsáid as an margadh mícháiliúil ag deireadh aistear Shéanna chun an lámh uachtair agus chun forlámhas na maitheasa i gcoinne an oilc a léiriú. Tá ciall cheannaithe ag Séanna agus ag an léiritheoir agus tá a thuilleadh machnaimh le déanamh againn ar fad ar na cinntí a ghlacfaimid amach anseo. Ar ndóigh ní mór dúinn a bheith ag faire amach don fhear fada caol dubh agus cathú dochloíte an airgid i gcónaí!

 

« Seoladh Éagóir sa Teach Cúirte
Ó bhó, a Mhamó! »