Beathaí nua curtha le Ainm.ie 7 May 2024 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: ,

Beathaí nua curtha le Ainm.ie

Cuireadh cúig bheatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas.

Mórshaothar luachmhar léinn é an cnuasach beathaisnéisí ag www.ainm.ie, a chuimsíonn breis is 1,800 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis.

Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Chló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh. Is iad Éilís Ní Anluain, Micheál Ó Conghaile, Seán Mac Labhraí agus Lillis Ó Laoire a sholáthair na cuntais ar bheathaí na ndaoine thuasluaite.

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.

Máire Mhac an tSaoi

Ina measc, tá cuntas ar dhuine de mhórfhilí na hÉireann, Máire Mhac an tSaoi (19222021). Bhain sí céim sa Léann Ceilteach amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bhain sí cáilíocht mar abhcóide amach ó Óstaí an Rí. Bhí sí ag obair mar thaighdeoir cúnta in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse agus chaith sí tamall fada ina taidhleoir sa Spáinn, sa Fhrainc agus i Nua-Eabhrac leis na Náisiúin Aontaithe.

Foilsíodh gearrscéal léi, ‘An bhean óg’, in Comhar in 1948. Foilsíodh roinnt cnuasach filíochta léi – Margadh na saoire (1956) agus An galar dubhach (1980) ina measc. Bhí sí féin agus a fear céile, Conor Cruise O’Brien, ina gcomhúdair ar A concise history of Ireland (1972). Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh ar Mháire in 1991. Foilsíodh trí leabhar léi a bhí mar thoradh ar thaighde a rinne sí ar Ghearóid Iarla – A bhean óg ón … (2001), Cérbh í Meg Russell? (2008) agus Scéal Ghearóid Iarla (2011).

Joe Steve Ó Neachtain

Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal do Joe Steve Ó Neachtain (19422020). Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag obair le hÚdarás na Gaeltachta sa Rannóg Tógála agus mar Oifigeach Cultúir agus Teanga. Bhí dlúthbhaint aige le hAisteoirí an Spidéil agus scríobh sé féin drámaí, agallaimh bheirte agus geamaireachtaí freisin. Thaistil sé an tír lena dhráma Níor mhaith linn do thrioblóid, agus tugadh go Bostún Mheiriceá ina dhiaidh sin é.

Craoladh suas le 300 mír dá shraithdhráma raidió Baile an Droichid ar Raidió na Gaeltachta thar thréimhse deich mbliana. Rinne Joe páirt Phádraig Uí Chonghaile sa sobaldráma teilifíse Ros na Rún. Cé nár foilsíodh a chéad leabhar, Fead ghlaice, go dtí 1986, bhí go leor scríofa aige roimhe sin ón am ar chuir sé peann le pár ar dtús sa bhliain 1969, idir phrós, fhilíocht agus amhráin, agus ghnóthaigh sé iliomad duaiseanna agus gradaim, ina measc go leor duaiseanna Oireachtais. Bhí sé lárnach i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta.

Caitríona Hastings

Leachtóir agus scríbhneoir ba ea Caitríona Hastings (19522021), a rugadh i gCo. Thír Eoghain. Bhain sí céim sa Léann Éireannach amach ó Ollscoil Uladh agus ceapadh í ina léachtóir i Roinn na Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin. Chuir sí suim faoi leith sa nuafhilíocht, i bhfilíocht Oiriall, i gcúrsaí foghraíochta agus sa bhéaloideas agus bhí idir mheas agus chion ag na mic léinn uirthi. Scríobh sí agus léirigh roinnt drámaí, ina measc, Oisín i ndiaidh na Féinne agus An tsúil ghlas. Chaith sí tréimhse ina léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ar champas Chaisleán an Bharraigh freisin. I measc na saothar a tháinig óna peann, tá Balor (2008), Ag bun na Cruaiche: folklore and folklife from the foot of Croagh Patrick (2009), An gréasaí bróg agus na sióga (2009), Mac Rí Éireann (2010), Ó chrann go crann (2011), Hubert (2014), An t-éan órga (2015) agus Ridire an ghaiscidh (2016). Bronnadh Gradam Réics Carlo ar Balor sa bhliain 2009.

Pádraig Ó hAoláin

I gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann a rugadh Pádraig Ó hAoláin (19442021). Chuir sé spéis sa Ghaeilge agus i muintir na Gaeltachta nuair a bhí sé ag obair sna tolláin i Londain in éineacht le muintir Chonamara agus Thír Chonaill. Chum sé amhráin ar nós ‘Cumha’ agus ‘Cóilín Phádraig Shéamais’, an t-amhrán is cáiliúla b’fhéidir agus is aitheanta a cumadh sa Ghaeilge le leathchéad bliain anuas. Chaith sé tréimhsí ag obair le Gaeltarra Éireann agus le Comharchumann Chois Fharraige sular fhill sé ar Údarás na Gaeltachta. Ceapadh é ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta in 2005. Leag sé béim faoi leith ar an bpleanáil teanga agus ar thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí beaga. Thuig sé an tábhacht a bhain le hinfreastruchtúr agus seirbhísí a bheith ar fáil don phobal. Ó bhog sé go Conamara in 1970 bhí Pádraig báite go hiomlán i saol an phobail – mar iománaí, mar amhránaí, mar aisteoir agus mar chrann taca do choistí deonacha pobail.

Anders Eric Olof Ahlqvist

Teangeolaí agus ollamh Fionlannach a bhí in Anders Eric Olof Ahlqvist (19452018), a rugadh i Stócólm na Sualainne. Rinne sé staidéar ar an Léann Clasaiceach in Ollscoil Heilsincí agus dhírigh sé a aird ar an teangeolaíocht ghinearálta. Bhain sé dochtúireacht sa Léann Ceilteach amach ó Ollscoil Dhún Éideann in 1974. Ceapadh ina léachtóir le Sean-Ghaeilge é in Ollscoil na Gaillimhe in 1976. Chaith sé tréimhsí mar ollamh in Ollscoil Heilsincí, Ollscoil Utrecht agus Ollscoil Sydney. Bhí nádúr tacúil suáilceach daonna aige. D’fhoilsigh sé roinnt ábhar i nGaeilge freisin, ina measc, Téarmaí Gramadaí na Sean-Ghaeilge (1993) agus ‘Litriú na Gaeilge’ in Stair na Gaeilge (1994). D’athraigh eagrán Anders den téacs Auraicept na nÉces ó bhonn an tuiscint a bhí ag teangeolaithe ar thionchar luathscoláireacht theangeolaíochta na nGael ar chúrsa léinn. Foilsíodh dhá fhéilscríbhinn ina onóir freisin.

« Ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais
Dhá Scór Eala le Aingeal Ní Chualáin á sheoladh »