Beathaí nua curtha le Ainm.ie 23 Márta 2022 – Posted in: Nuacht – Clibeanna:

Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas.

Ina measc, tá cuntas ar Liam Mac Con Iomaire (1937–2019). Rugadh Liam i gCasla i nGaeltacht Chonamara. Bhí aithne air mar mhúinteoir, saineolaí teanga, iriseoir, scoláire, údar, beathaisnéisí, aistritheoir agus mar chraoltóir. Bhí sé ar dhuine de na chéad léitheoirí nuachta teilifíse nuair a bunaíodh Raidió Teilifís Éireann sa bhliain 1960 agus chaith sé aon bhliain déag ina dhiaidh sin mar iriseoir agus mar fho-eagarthóir i Seomra Nuachta RTÉ. Ceapadh ina stiúrthóir é ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1979. Scríobh Liam dhá bheathaisnéis thoirtiúla ar mhórphearsana de chuid na Gaeilge agus na hÉireann: Breandán Ó hEithir (Iomramh Aonair, 2000) agus Seosamh Ó hÉanaí (Nár Fhágha mé Bás Choíche, 2007). Cé go raibh aithne i bhfad agus i ngearr air mar dhuine d’fhathaigh agus de ghaiscígh mhóra shaol na teanga, ba é a bhealach séimh, umhal, cabhrach, croíúil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine.

Rugadh Áine (Nan) Ghriallais (1936–2018) ar an 2 Aibreán 1936 i Muiceanach idir Dhá Sháile, Co. na Gaillimhe. Ba mar amhránaí ba mhó a bhain sí clú amach. Go Bostún Mheiriceá a thug Nan a haghaidh in aois a sé bliana déag, agus chaith sí sé bliana ann (1952–1958). Phós sí Seán Ó Fátharta as an Tuairín sa bhliain 1960 i mBostún. Ar fhilleadh abhaile dóibh in 1962, chuir siad fúthu i Muiceanach. Fuair Nan post ag obair sa chistin i gCeanncheathrú Raidió na Gaeltachta i gCasla agus thug sí fiche bliain ag obair ansin ó 1972 go 1992. Chuir muintir Ghriallais suim i gcomórtais amhránaíochta. Bhuaigh Nan neart duaiseanna amhránaíochta, ina measc Corn Uí Riada (1973).

Mar atá le léamh sa chuntas faoi Nan Ghriallais (1936–2018), tá stair shuaithinseach ag muintir Ghriallais agus ag a sliocht san amhránaíocht ar an sean-nós. Deirfiúr le Nan ab ea Nóra Ghriallais, bean Mhic Dhonnacha (1944–2019). Dála a deirféar, thóg Nóra amhráin sa bhaile. In Chicago a phos sí a fear céile, Coleman Mac Donnacha, in 1968 agus chaith siad tréimhse fhada sa chathair sin. Ar fhilleadh dóibh go hÉirinn in 1984, cheannaigh siad tábhairne ar Shráid Forster i nGaillimh in 1982. Bhí cáil ar an teach mar áit a raibh fáilte ar leith roimh cheol agus roimh Ghaeilge ann. Bean tí chuideachtúil, ghnaíúil a bhí i Nóra. I measc na nduaiseanna a bhuaigh sí, d’éirigh léi Corn Uí Riada a thabhairt léi faoi thrí.

Bhí Niall Tóibín (1929–2019) ar dhuine d’aisteoirí móra na hÉireann. Bhain sé cáil agus gradam amach mar aisteoir sa dá theanga agus, chomh tábhachtach céanna, mar fhear grinn a raibh cumas thar na bearta aige agus a rinne go leor seónna aonair in Éirinn agus thar lear. I gcathair Chorcaí a rugadh agus a tógadh é. Sheas sé ar an stáitse mar aisteoir den chéad uair ina shaol agus gan é ach ocht mbliana d’aois i léiriú Gaeilge de Macbeth. Chaith sé ceithre bliana déag le hAisteoirí Raidió Éireann. Bhí páirt aige sa chéad fhadscannán Gaeilge a rinneadh, an saothar ceannródaíoch Poitín le Bob Quinn. Bhí an-spéis ag an Tóibíneach i saothar Bhreandáin Uí Bheacháin. Thuill sé ardmholadh dá ról in Borstal Boy agus bronnadh duais Tony air in Broadway dá bharr. Bhí an-tóir freisin ar an leagan de The Hostage a rinne sé le Michael Scott, leagan a bhí bunaithe ar an mbunsaothar Gaeilge An Giall.

Eolaí ab ea Con Ó Ruairc (1936–2019), ar éirigh leis a spéis san ábhar sin, agus a dhúil sa dúlra go háirithe, a mhúscailt i nglúnta eolaithe, agus lena leabhar Dúlra Oileáin Árann (Cois Life, 2011) sa léitheoir ginearálta chomh maith. I nDún Droma a bhí cónaí ar a theaghlach ach thógaidís teach ar cíos in Inis Meáin ar feadh míosa gach samhradh. Ó Ollscoil Cornell i Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, a fuair sé a chéim dochtúireachta. D’fhill sé go hÉirinn in 1963 le dul ag obair le Teagasc mar ar chaith sé daichead bliain ina luibheolaí, ina eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus ina phleanálaí taighde. Bhí a ghrá don teanga agus don fhiadhúlra fite fuaite lena ghrá d’Oileáin Árann, ar thug sé cuairteanna rialta orthu i gcaitheamh a shaoil agus é i mbun cúrsaí sa dúlra trí mheán na Gaeilge, go háirithe ar Inis Meáin.

Fathach ciúin a bhí i bPeadar Ó Flatharta (1955–2016) i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta lena linn, duine arbh fhearr leis beart a dhéanamh ná bheith ag caint faoi. Rugadh é i gCuileán ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Bhí sé ag múineadh mar bhunmhúinteoir ó 1976 go dtí 1984. Bhí sé gafa go mór le cúrsaí cearta Gaeltachta i gConamara sna 1980idí. Ceapadh é mar Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa bhliain 1987, áit a raibh sé go dtí 2003. Sa Chomhdháil d’oibrigh Peadar agus a chomhghleacaithe go dúthrachtach le státseirbhísigh, le polaiteoirí agus lucht na meán cumarsáide chun Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) a bhaint amach. Bhí sé páirteach i gCoimisiún na Gaeltachta 2000–2002 freisin agus i bhforbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Rinne sé taighde dochtúireachta i dteoiric agus in iompar eagraíochtaí, céim a bhronn Coláiste Bainistíochta Henley agus Ollscoil Brunel air sa bhliain 2003. Ceapadh é ina Léachtóir Sinsearach in FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, in 2003, áit ar chaith sé tréimhsí ina Cheann Scoile agus ar thug sé faoi thaighde agus teagasc i réimsí na gceart teanga agus an chleachtais dhátheangaigh.

Nótaí d’eagarthóirí:

Mórshaothar luachmhar léinn é an cnuasach beathaisnéisí ag www.ainm.ie, a chuimsíonn breis is 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis.

Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Chló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh. Ba iad Micheál Ó Conghaile, Lillis Ó Laoire agus Éilis Ní Anluain a sholáthair na cuntais seo ar bheathaí na ndaoine thuasluaite.

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.

« Seoladh albaim ‘Within a Mile of Kilty 2’
Moltaí ón bpobal á lorg ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus 50 bliain á cheiliúradh »