Tá Caoimhín Coinín ag dul a luí. Is sraith álainn iad na leabhair seo faoi choinín gleoite chun tús a chur le scéalaíocht le leanaí an-óg. Bíonn an páiste gníomhach sna scéalta.
Labhair ionadaithe ó earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge le Comhchoiste Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an gCéadaoin, 1 Meitheamh, 2022. Ina measc, bhí Deirdre Ní Thuathail, Úinéir agus Bainisteoir Chló Iar-Chonnacht, Darach Ó Scolaí, Stiúrthóir Leabhar Breac agus Robert McMillen, Eagarthóir Gaeilge The Irish News. Foilsitheoirí na Gaeilge ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais Foilsitheoirí Gaeilge ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais Deirdre Ní Thuathail, Úinéir agus Bainisteoir Chló Iar-Chonnacht agus Darach Ó Scolaí,… Léigh tuilleadh
Seoladh albam nua Tá fáilte roimh chách chuig ócáid atá á heagrú chun an t-albam nua Within a Mile of Kilty 2: Traditional Irish Music from North Leitrim a sheoladh go hoifigiúil ag Johnny Óg Connolly. Is iad na ceoltóirí atá le cloisteáil ar an albam ná John Gordon, Ben Lennon, Charlie Lennon, Brian Rooney, Maurice Lennon, Seamus Quinn and Brian Lennon agus tá an t-albam foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Dáta | Ionad | Am:…
Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas. Ina measc, tá cuntas ar Liam Mac Con Iomaire (1937–2019). Rugadh Liam i gCasla i nGaeltacht Chonamara. Bhí aithne air mar mhúinteoir, saineolaí teanga, iriseoir, scoláire, údar, beathaisnéisí, aistritheoir agus mar chraoltóir. Bhí sé ar dhuine de na chéad léitheoirí nuachta teilifíse nuair a bunaíodh Raidió Teilifís Éireann sa bhliain 1960 agus chaith sé aon bhliain déag ina dhiaidh sin mar…
Ceiliúradh ar an saibhreas atá i gcartlann RTÉ RnaG don 50 bliain Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana, agus mar chuid den cheiliúradh sin tá sé beartaithe ag an stáisiún rogha den cheol agus den amhránaíocht is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na héisteoirí ó 1972 a chur ar fáil mar albam. Tháinig RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer ar 2 Aibreán 1972 agus tá…
Sa mbliain 2021 stiúraigh Sarah-Jane Scaife an dráma Happy Days le Samuel Beckett ar na hOileáin Árainn. Is é Micheál Ó Conghaile a d’aistrigh an dráma go Gaeilge, Laethanta Sona. Ag an ócáid seo, beidh an bheirt acu i gcomhrá leis an Dr Seán Kennedy, scoláire ar shaothar Samuel Beckett do Léacht D’Arcy McGee 2022 ag 10 i.n. GMT. Beidh siad ag caint ar an saothar, an téacs agus an cur i láthair ceannródaíoch a…