Ár dTéarmaí Féin – Fidelma Ní Ghallchobhair (Cois Life, 2014) 7 Meán Fómhair 2014 – Posted in: Gan chatagóir

Rianaítear sa saothar seo stair agus forbairt na téarmaíochta sa Ghaeilge ón gcianaimsir anonn. Beidh an leabhar ina chuidiú ag mic léinn agus daoine eile i mbun staidéir ar an nGaeilge chun acmhainn agus saothrú na teanga le dul i ngleic le coincheapa nua a chur in iúl agus i gcomhthéacs. 

Léirítear tuismíocht na Gaeilge i gcomhthéacs teangacha eile agus an gaol ag an nGaeilge leis na teangacha ba mhó teagmhála léi, agus an chaoi ar forbraíodh patrúin sa teanga ó thaobh ceapadh focal agus déileáil le hiasachtaí. 

Tugtar spléachadh ar thionchar an Bhéarla in Éirinn agus ar thorthaí an tionchair sin ar an nGaeilge. Déantar plé ar an ngníomhaíocht aidhmeannach ba bhun le forbairt nuathéarmaíochta don ré chomhaimseartha agus cuirtear na prionsabail a forbraíodh i gcomhthéacs idirnáisiúnta. 

Dírítear ansin ar an bpraictic – saothrú na téarmaíochta ó lá go lá – agus tugtar samplaí, modhanna agus ceachtanna chuige sin.

Téarmeolaí aitheanta is ea Fidelma Ní Ghallchobhair agus is iar-Uachtarán í ar Bhord an EAFT (the European Association for Terminology).

Ceannaigh Ár dTéarmaí Féin le Fidelma Ní Ghallchobhair anseo>>

« Aoi-bhlag Alex Hijmans – Súile eile
Leabhar nua: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana »