Aois Fir – úrscéal nua le Liam Ó Muirthile 31 Lúnasa 2015 – Posted in: Gan chatagóir

‘Nuair a bhíonn scéal le scríobh agat, caithfidh tú an scéal atá agat a scríobh agus ní féidir é a shimpliú’: Liam Ó Muirthile ag labhairt le Maitiú Ó Coimín faoina úrscéal nua, Aois Fir.

D’fhoilsigh Cois Life úrscéal nua le Liam Ó Muirthile inniu, Aois Fir. De réir an údair féin, is finscéal é, a chuireann síos ar theacht in inmhe buachalla óig, agus é amuigh ar an bhfarraige i mbád. Tá athair agus uncail an bhuachalla gan aithne gan urlabhra leis an ól, agus tá air an bád a stiúradh isteach sa chuan gan chabhair ar bith ó éinne.

Is le fada a bhí fonn ar Liam scéal a scríobh faoi chúrsaí farraige, agus, dar leis, is ait an rud é nach bhfuil níos mó scéalaíochta den saghas sin scríofa ag údair na hÉireann, agus muid inár gcónaí ar oileán mara. Aithníonn sé go bhfuil difríocht ann idir aois an bhuachalla sa scéal, agus aois a léitheoirí, toisc nach mbeadh friotal saibhir an leabhair ar a dtoil ag léitheoirí óga, ach ní féidir údar sreang a chur ar a chuid teanga. I bhfírinne, beidh suim ag léitheoir ar bith ar scéal chomh ealaíonta is atá an scéal seo.

Tá closleabhar saor in aisce den úrscéal á léamh ag an údar féin le fáil freisin anseo.

Praghas: €10

ISBN: 978-1-907494-50-5

Orduithe: Ceannaigh Aois Fir anseo nó, más siopa atá i gceist, trí Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 nó ríomhphost chuig ais@forasnagaeilge.ie.

 

« Bailiúchán nua scéalta
‘Splancanna ó shaol eile’ – leabhar na míosa ag ClubLeabhar.com »