An Ghluaiseacht Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta 12 Samhain 2024 – Posted in: Book launch – Clibeanna: ,

FÓGRA – Athrú ar an dáta do sheoladh an leabhair An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Tá seoladh An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta curtha siar go dtí an Déardaoin, 5 Nollaig 

An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta 

le Rónán Mac Con Iomaire 

Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Tugann an leabhar seo le chéile den chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a d’athraigh an Ghaeltacht ó bhun.

CUIREADH

Seoladh an leabhair An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta 

Ba mhór ag Rónán Mac Con Iomaire agus Cló Iar-Chonnacht thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Breandán Feiritéar an leabhar nua An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta le Rónán Mac Con Iomaire.

 

Dáta: Déardaoin, 5 Nollaig, 2024

Am: 7:00 i.n.

Ionad: Réalt na Maidne, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, H91 W962

 

An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta 

In 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag agóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus a dteanga.

Insíonn an leabhar seo scéal corraitheach na Gluaiseachta, idir bhunú stáisiún raidió mídhleathach, ionsaithe ar pholaiteoirí, seilbh glactha ar fhoirgnimh rialtais, círéibeacha le Gardaí, feachtais toghchánaíochta, buamáil agus máirseáil. Bhí an Ghluaiseacht go seasta ar phríomhleathanaigh na nuachtán náisiúnta.

Ach as an agóidíocht ar fad, tháinig na hathruithe ba shuntasaí a tharla i dtaobh na Gaeltachta riamh. Saolaíodh Raidió na Gaeltachta agus bunaíodh Údarás na Gaeltachta. Athraíodh féile an Oireachtais ó bhun agus cuireadh an síol do TG4. Crochadh comharthaí bóthair i nGaeilge amháin sna Gaeltachtaí agus spreagadh gníomhartha pobail trí chomharchumainn.

Tugann an leabhar seo le chéile den chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a d’athraigh an Ghaeltacht ó bhun.

Rónán Mac Con Iomaire

Is é An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta  an tríú leabhar de chuid an scríbhneora, Rónán Mac Con Iomaire, ón gCeathrú Rua i gConamara.

Bronnadh Gradam Scríbhneoir Nua na Bliana ar Rónán ag Gradaim Liteartha an Oireachtais as a chéad leabhar, Rocky Ros Muc (Cló Iar-Chonnacht, 2013), beathaisnéis ar an dornálaí, Seán Ó Mainnín. Déanadh fadscannán faisnéise den ainm chéanna bunaithe ar an leabhar, an chéad scannán faisnéise Gaeilge riamh a bhí fadliostáilte do na Academy Awards.

Foilsíodh The Man Who Was Never Knocked Down (Rowman & Littlefield), a bhí fadliostáilte don gradam Irish Sports Book of the Year, in 2018.

Tá taithí fhada scríbhneoireachta ag Mac Con Iomaire ó thosaigh sé ag scríobh mar iriseoir le Independent Newspapers in 1995. Chomh maith le leabhair agus ábhar iriseoireachta, bíonn sé ag scríobh agallaimh beirte, lúibíní agus amhráin grinn do chomórtais Oireachtas na Gaeilge.

20.00

« Seoladh ‘Sáinnithe: Scéal Íobartaigh’ le Peadar G. Ó Máille
Aisteoir faoi sholas – Clive Geraghty ag caint le Tristan Rosenstock »