An Dá Shaol: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn 21 Meán Fómhair 2023 – Posted in: Nuacht, Book launch, Leabhair – Clibeanna:

Leabhar cuimhní cinn le Pádraic Mac Donncha é An Dá Shaol: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn.

Fear é Pádraic Sheáinín a chonaic an dá shaol. De shliocht mhuintir Chonamara ach a tógadh i Ráth Chairn na Mí. É timpeallaithe ag glúin ar de gharbhchríocha an iarthair iad ach nár chleacht sé féin riamh ach bánta míne féarmhara na Mí.

Cuimhní cinn atá sa sa leabhar seo a rianaíonn scéalta ón óige, cuimhní glé ar an seandream as Conamara a tháinig aniar, a shaol fada oibre gairmiúil in earnáil an fháilteachais agus, ar ndóigh, na blianta fada a chaith sé mar ghníomaí pobail i Ráth Chairn – agus a shliocht sin air!

Clúdach 'An Dá Shaol: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn'

Clúdach an leabhair 'An Dá Shaol: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn'

CUIREADH chuig seoladh an leabhair

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, agus Pádraic Mac Donncha thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Éamon Ó Cuív, T.D. an leabhar:

AN DÁ SHAOL: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn

Le Pádraic Mac Donncha

In Áras Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí

Mar chuid de chlár imeachtaí Éigse Dharach Uí Chatháin

Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair, 2023 ag 8:00 i.n.

Cuireadh chuig seoladh An Dá Shaol Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn
« Ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge
Foclóirí agus pictiúrleabhair do pháistí óga »