An Chéad Úrscéal Gaeilge i bhFoirm Ríomhleabhair? 6 Deireadh Fómhair 2010 – Posted in: Gan chatagóir

Tá an chead cheithre ríomhleabhar díreach foilsithe ag Cois Life agus beidh siad á ndáileadh trí ghréasáin éagsúla díoltóirí ar-líne timpeall na cruinne trí na príomhfhormáidí éagsúla. Is iad na leabhair ná:
Sceon na Mara, scéal bleachtaireachta agus an t-úrscéal is déanaí ó Liam Ó Muirthile,

Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne, ar clasaic í cheana, nach mór, agus í ag cur síos ar nirvana na hÉireann sa nua-aois, Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson faoi dhéagóirí agus a gcuid rún agus Ar Muir is Ar Sliabh le Dermot Somers faoi shraith nua teilifíse eachtraíochta faoin aer le Brian agus Lise.

Mar thús leis an tionscamh seo tá fáil ar na leabhair cheana i bfoirm atá cóirothe don kindle. Ceannaigh ó Amazon iad agus beidh tú á léamh laistigh de nóiméad!

« Ríomhleabhair Ghaeilge
Sceon na Mara – Liam Ó Muirthile (2010) »