Alex Hijmans – Léigh gearrscéal nua leis anseo! 22 Eanáir 2012 – Posted in: Gan chatagóir

Foilseoidh Cois Life cnuasach nua gearrscéalta le Alex Hijmans níos déanaí i mbliana ach chun blaiseadh a thabhairt duit anois, seo ceann de na gearrséalta, ceann a phléann an taobh dorcha den saol sa Bhrasaíl.

Buzú

Tá an Barra 1307 ag sciurdadh síos cnoc Cabula i dtreo an timpealláin. Tá mo chosa nochta ar an tuairteoir agam agus tá greim lámh agam ar fráma na fuinneoige is faide siar, agus é ar oscailt. Tá Geraldo ag déanamh a bhealaigh isteach trí cheann de na fuinneoga ar an taobh eile den bhuzú. ‘Isteach leat!’ a scairteann sé orm.

Éiríonn na paisinéirí sa chúl dá gcuid suíochán, scaoll orthu, iad ag deifriú chun tosaigh, thar an cobrador. Agus a dhá uillinn ar chlaibín dúnta chófra an airgid aige, ligeann seisean air féin nach bhfuil rud ar bith ag tarlú. Tosaíonn sé ag útamáil lena fhón póca. Tá an boc seo feicthe roimhe seo agam. Níl ach cúpla bliain idir é agus an pinsean. Níl trioblóid uaidh. Ach an tiománaí…

Tá Geraldo istigh. Tá sé ag déanamh ar m’fhuinneogsa chun mé a tharraingt isteach, ach díreach ag an bpointe sin téann an tiománaí timpeall an timpealláin gan moilliú. Claonann an buzú go leataobh, i mo threo-sa. Mé a chreathadh de, sin é an plean atá aige. Baintear tuisle as Geraldo idir na suíocháin, ach coinnímse mo ghreim.

Táimid ar bhóthar ceithre lána anois. Géaraíonn an tiománaí ar a luas. Tugann sé an buzú chuig imeall an bhealaigh ar fad. Tá a fhios agam céard atá ar bun aige. Tá cuaillí coincréite na soilse sráide an-ghar don bhóthar anseo – tá sé ag iarraidh tiomáint chomh gar sin dóibh go leagfaidh ceann acu den bhuzú mé. Beidh cuma thimpiste air.

Faltanas pearsanta é seo, tá a fhios agam go maith gurb ea. Téann an tiománaí seo, cráifeachán evangélico a bhfuil dath a chraicinn chomh héadrom sin go bhfuil sé beagnach geal, as a chranna cumhachta nuair a théimid ag surfáil ar a bhuzú-san. Tá gar do thrí mhíle buzú sa chathair seo agus is linne iad uilig, ach má bhíonn an deis againn piocaimid Barra 1307 s’aigesean – is furasta é a aithint leis an gcrois ollmhór áiféiseach sin atá greamaithe den ghaothscáth aige.

Mothaím ceann de na cuaillí solais ag sciorradh tharam, gan ach orlach idir í agus cúl mo chinn. Bogaim siar, chuig tóin an bhuzú. Tríd an bhfuinneog chúil feicim Geraldo ag éalú amach an fhuinneog ar thaobh na láimhe clé. Úsáideann sé an barra cothrománach sa lár mar a bheadh céim ann agus téann sé suas ar an díon leis.

Ag stad gnóthach ar bhóthar Bonocô téimse suas freisin. Tugann Geraldo cúnamh dom. Nuair a thosaíonn an buzú ag gluaiseacht arís déanaimid ár mbealach chun tosaigh, ar na ceithre boinn, go dtí go bhfuilimid díreach os cionn an tiománaí. Ansin, buailimid ár ndorna ar an díon agus tugann íde na muc is na madraí dó. Tá mé cinnte go gcloiseann sé gach rud tríd an bhfuinneog oscailte. Caithfidh tú a thaispeáint do na meatacháin seo gur tú atá i gceannas. Bíonn barraíocht eagla orthu an fód a sheasamh. Cá bhfios nach bhfuil deartháireacha againn atá istigh leis na mangairí drugaí – muise, cá bhfios nach bhfuil meaisínghunna sa charr ag ár n-aithreacha? Ní baol go dtuigfidís nach eol do m’athair gur ann dom agus go gcaitheann mo mháthair gach uile oíche ag caoineadh faoi fhear éigin. Fear difriúil gach seachtain.

Tá dath flas candaí ar an spéir thiar. Thoir, is popcorn iad na réaltaí. Páirc spraoi í ár gcathair. Go díreach: ár gcathairne. Linne gach orlach di. Gach bothán, gach túr spéire. Na soilse, na carranna, na héileacaptair, na striapacha ar na coirnéil. Agus, gan dabht, na buzúnna.

Aimsir thoghcháin atá ann. Postaeir agus balúin ar fud na háite. Na cinn a bhfuil ‘Urânia – Bean Mhór Ghorm Mhuintir Bahia!’ scríofa orthu is fearr liom. Tá an meangadh gáire uirthi cosúil leis an miongháire a bhíonn ar aghaidh mo Mham nuair nach mbíonn sí ag gol agus tá trilseáin bhréige ina cuid gruaige mar atá ar mo dheirfiúr. Tá casúr agus corrán in aice lena hainm. Cumannach í. Deir Geraldo go gciallaíonn sé sin gur le gach duine gach rud agus nach le duine ar bith rud ar bith faoi leith. Dar liomsa go bhfuil an ceart ar fad ag an Urânia seo. Dá mbeinn san aois chuige, thabharfainn vóta di.

Ach cuireann aghaidh Tibério Brandão samhnas orm, an leibide geal seo a cheapann gur laoch é. Sna póstaeir aigesean, ligeann sé air go bhfuil gunna ina lámh aige. ‘Tá an córas crua,’ atá scríofa thíos faoin ngrianghraf. Ní gá dó sin a insint dúinn – is againne atá a fhios. Muidne an cineál duine ba mhaith leis a chur den saol leis an gcur i gcéill sin de ghunna aige.

Cogar, níl PlayStation agam féin ná ag Geraldo. Níl an t-airgead againn fiú amháin chun an tráthnóna a chaitheamh sa chaifé Idirlín mar a dhéanann na leaids eile, ag bualadh an chaca as a chéile ar an scáileán – uair an chloig ar luach Real amháin. Ach sáraíonn buzú-surfáil cluiche ríomhaireachta ar bith. ’Bhfuil a fhios agat cén fáth? Ní fhaigheann tú aon saolta breise.

Táimid ag teacht anuas bóthar Ogunjá anois. Tá an buzú ag líonadh suas. Faoin am a gcasaimid ar dheis ar Vasco tá sé dorcha agus tá an tranglam tráchta chomh dona sin nach bhfuil carr ar bith ag bogadh. Tá buíon de leaids cosúil linne ina seasamh faoi tharbhealach. Táimid feicthe acu. Táimid i dtrioblóid.

Tá ár leithéidí cosúil le luchóga – mura n-aithnímid do bholadh cuirimid an ruaig ort. Gan trócaire. Tá na leaids ag béiceach. Tá spallaí coincréite ina luí faoin tarbhealach á bpiocadh suas acu. Pléasc tobann ar cheann de na fuinneoga. Tosaíonn na paisinéirí ag screadaíl. Soicind ina dhiaidh, titeann cnap coincréite a bhfuil píosaí d’iarann meirgeach ag gobadh amach as taobh thiar dínn, ar dhíon an buzú.

 

‘Luígh síos! Aghaidh i gcoinne an dín.’ Lámh Geraldo ag brú ar mo ghualainn. Luíonn sé féin bolg faoi, ar imeall an dín, agus béiceann leis an tiománaí: ‘Cuir síos do chos a chuint!’ Ach tá a fhios aige chomh maith is atá a fhios agamsa go bhfuil ár gcosa nite: níl an trácht ag bogadh ar chor ar bith. Tá seisear de na leaids ag déanamh a mbealaigh anall chugainn idir na carranna. Cuireann duine acu lámh ar cheann de na fuinneoga – ach dúnann paisinéir de phreab í. Léimeann an leaid siar, ag screadaíl leis an bpian. Tá sé ina sheasamh le taobh an bhuzú, a lámh á fáisceadh idir a chosa aige. Tugaim comhartha na méire fada dó. ‘A amadáin!’

‘Dún do chlab, Gabriel! Tá sceana acu.’ Tá a shúile díríthe ag Geraldo ar leaid ard a bhfuil a chuid gruaige ar fad bearrtha dá bhlaosc. Tá rud éigin i lámh an bhoic seo ag lonrú i gceannsoilse na ngluaisteán. Nochtann sé a chár, breathnaíonn sna súile orm agus ligeann don solas rince ar an miotal ina lámh. Tosaíonn gach rud ag rothlú. Samhlaím an lann ag sní isteach i mo bholg.

Seo na carranna romhainn ag bogadh, ach beireann fear na scine ar fhuinneog an bhuzú agus tarraingíonn sé é féin aníos d’aon iarracht aclaí amháin. Soicind ina dhiaidh sin, tá a lámha ar an díon aige. Gan mhoill, éiríonn Geraldo. Beireann sé ar an gcnap coincréite a bhfuil an t-iarann meirgeach ag gobadh amach as agus caitheann le fear na scine é.

Buaileann an choincréit taobh de phléasc sa leiceann é. Titeann an leaid go talamh láithreach. Tá sé sínte ar an tsráid. Níl gíog ná míog as. Éiríonn a chairde as a gcuid iarrachtaí dreapadh ar an díon agus cromann ina thimpeall. I ngile na gceannsoilse feicim go bhfuil fuil sr sileadh lena leiceann. Tá an chuma ar an scéal gur stróiceadh giota dá chluas dá chloigeann.

Tá an trácht ag bogadh. Tosaíonn an buzú ag tiomáint. Tá mearbhall orm. Giodam. Masmas. Tá na leaids sin ag déanamh a seacht ndícheall a gcomrádaí basctha a chur ar a bhoinn arís. Tá carranna ag séideadh na mbonnán timpeall orthu. Tosaíonn Geraldo agus mé féin ag léimneach suas síos ar dhíon ár mbuzú, ag ligean liúnna asainn go dtí go bhfuil pian inár scornach agus inár scamhóga.

Seo muid – leoithne oíche ar ár gcliabhrach nocht, toit na tráchta inár bpolláirí, áthas orainn a bheith beo. Níl rud ar bith is fearr ná éalú ar éigean ón mbás – agus má mharaítear lá éigin mé, níl rud ar bith ab fhearr liom ná go mbeadh Geraldo le mo thaobh. Onóir mhór a bheadh ansin. Thosaíomar ag surfáil na mbuzúnna le chéile nuair a bhíomar deich mbliana d’aois. Tá cúig bliana déag anois againn. Deir siad linn go bhfuilimid róshean don chraic seo. Má bheireann na póilíní anois orainn, ní thabharfaidh siad batráil dúinn, mar a rinne siad cheana – líonfaidh siad ár gcloigeann le piléir agus caithfidh siad ár gcorp le taobh sheanbhóthar an aerfoirt. Ach téimid sa tseans arís is arís eile.

Uaireanta, má bhíonn Real le spáráil agam, téim go dtí an caifé Idirlín trasna ó stad na mbuzúnna sa favela ina bhfuil cónaí orainn chun uair an chloig a mheilt ar Facebook. Oibríonn cara le mo dheirfiúr i scoil a dtéann turasóirí gringo ann chun Portaingéilis a fhoghlaim agus tugann an cailín seo cuireadh do na mic léinn ar fad a bheith ina gcairde léi ar Facebook. Bainim próifílí na gcailíní geala seo amach tríd an phróifíl aicise agus cuirim teachtaireachtaí gáirsiúla chucu.

Ar ndóigh tá Béarla agam. Tá gach duine in ann Béarla a labhairt. Níl ort ach an méid atá tú ag iarraidh a rá a chaitheamh isteach in aistritheoir Google agus sin sin. Is iad na cailíní Ollannacha is fearr liom. Le linn Chorn an Domhain a chonaic mé den chéad uair iad – iad ard, álainn agus fionn agus éadaí oráiste orthu ó bhun go barr. I mo chuid teachtaireachtaí, insím dóibh faoi na rudaí ar fad ba mhaith liom a dhéanamh leo – mo mhéara a shá ina bpit agus iad a chur ag geonaíl. Is ea, tá a fhios agam nach bhfuil sé sin go deas. Níor mhaith liom go gcuirfeadh liúdramán éigin cac mar sin chuig mo dheirfiúrsa. Ach, Dia á réiteach, tá cónaí ar na cailíní seo in Amsterdam – tá gach rud acu. An rud is lú gur féidir leo a dhéanamh ná cur suas le píosa craic uaimse. Muise, an gcreidfeá gur chuir cuid acu cuireadh cairdis chugam?

Faoi dheireadh, táimid ag crúsáil trí Bharra; an trá ar chlé uainn, báite i solas lampaí geala, agus an teach solais os ár gcomhair amach. Tá fir ag rith ar an bpromanáid ina gcuid Speedos. Ní hiad a gcolainneacha amháin atá siad ag iarraidh a thaispeáint don saol mór ach a mbróga reatha daora agus a gcuid iPodanna chomh maith, agus na gléasanna áiféiseacha sin a choinníonn súil ar ráta a gcroí agus iad ag rith. Tosaímid ag magadh fúthu, Geraldo agus mé féin, ag scairteadh ‘piteoga!’ leo in ard ár ngutha. Breathnaíonn siad sa treo eile.

Scoitheann Barra 1307 eile tharainn. Caithfidh sé go bhfuil an buzú s’againne go mór taobh thiar den sceideal. Tarraingíonn cobrador an bhuzú eile aird ár dtiománaí. Síneann sé a mhéar inár dtreo. Táimid leagtha ag gáire agus tugaimid súisteáil eile don díon.

Ag an teach solais casann an buzú don aistear ar ais. Seo linn den díon, greim ag an mbeirt againn ar fhuinneog oscailte ar thaobh na láimhe deise anois. Tá an ceantar seo ag cur thar maoil le póilíní. Ma bheireann orainn, ní mór léim agus rith.

Breathnaímid isteach ar na paisinéirí. Iad ar a míle dícheall chun neamhaird a dhéanamh dínn. Murach an buzú a bheith lán go béal, theithfidís ar fad go dtí an taobh eile. An bhfuil a fhios agat cén fáth a ligeann siad orthu féin nach ann dúinn? Náire. Ina gcroí istigh, teastaíonn uathu a bheith cosúil linne. Santaíonn siad ár saoirse. Ár gcumhacht. Toisc nach ndéanann siad feadh an lae ach foirmeacha a líonadh isteach, a stampáil agus a chur in ord aibítre. Agus sin an fáth go seachnaíonn tusa ár súile nuair atáimid ar crochadh ar thaobh an bhuzú a bhfuil tusa air. Meabhraíonn ár leithéidí duit nach bhfuil tú féin beo i ndáiríre.

Nuair a éirím bréan de bheith ag stánadh ar na paisinéirí breathnaím in airde ar na réaltaí. Níl ach corrcheann le feiceáil. Táim cinnte go bhfeicfinn i bhfad níos mó acu murach na túir spéire thart anseo. Cén chuma a bheadh ar chúrsaí taobh istigh i gceann de na hárasáin sin? Samhlaím mé féin agus Geraldo, taobh le taobh ar tholg leathair bán, ag imirt cluichí ríomhaireachta ar scáileán ollmhór. Tá cailín freastail againn a bhfuil meangadh gáire uirthi díreach cosúil le ceann Urânia, Bean Mhór Ghorm Mhuintir Bahia. Tugann sí uachtar reoite isteach chugainn ar thráidire. Seacláid domsa, taifí do Geraldo.

Go tobann, ar Centenário, ar an débhealach, géaraíonn an tiománaí ar an luas. Táimid ag scoitheadh thar bhuzú eile – an Barra 1307 sin a ghabh tharainn níos luaithe, ar an bpromanáid. Cuireann an tiománaí sin a chos síos freisin. Tá an dá bhuzú ag dul chomh tapa is atá siad in ann, ag tiomáint taobh le taobh. Ar feadh soicind tá sceitimíní orm – is breá liom rásaí. Ach cuireann an fhéachaint atá ar aghaidh Geraldo creathadh tríom.

Faoin am a dtuigim céard atá ar siúl ag an mbeirt thiománaithe níl ach troigh fágtha idir taobh an bhuzú s’againne agus taobh an bhuzú eile. Tá sé rómhall dul ar ais ar an díon. Má léimimid, scoiltfidh na rothaí ár gcloigeann. Breathnaíonn na paisinéirí sa treo eile. Cuirim mo lámh ar ghualainn Geraldo. Cuireann seisean a lámh ar mo ghualainnse.

[Cóipcheart/Copyright Alex Hijmans 2012]

 

« Dúlra Oileáin Árann – Con Ó Ruairc
Dúlra Oileáin Árann – Con Ó Ruairc ag Féile IMRAM »