Album launch Anáil an Dúchais by Bríd Ní Mhaoilchiaráin 11 July 2025 – Posted in: News

New album launch by Bríd Ní Mhaoilchiaráin
Friday, 18 July, 2025
8:30 pm
Tigh Mheaic, Carna

The new album ‘Anáil an Dúchais’ by Bríd Ní Mhaoilchiaráin will be launched by Micheál Ó Cuaig at an event in Tigh Mheaic, Carna, during Féile Mhic Dara.

This is the first album by the well-known sean-nós singer Bríd Ní Mhaoilchiaráin, three-time recipient of the prestigious Corn Uí Riada award.

Cló Iar-Chonnacht are delighted to present this beautiful album.
All are welcome to join us for this celebration.

From the album notes by Dr Róisín Nic Dhonncha

Dr Róisín Nic Dhonncha

Bean a bhfuil a cuid fhéin déanta aici den oidhreacht shaibhir amhránaíochta a fágadh le huacht aici í Bríd Ní Mhaoilchiaráin. Ba cheird an amhránaíocht a tháinig go héasca riamh léi. Bhí an méid sin soiléir ó laethanta na bunscoile nuair a hiarrtaí uirthi ó am go chéile amhrán a chasadh os comhair an ranga, agus ba í a bhí ábalta, tomhaiste cheana fhéin leithéidí ‘Bríd Óg Ní Mháille’ agus ‘Is é Fáth mo Bhuartha’ a scaoileadh uaithi.

Is iomaí éacht san amhránaíocht déanta ag Bríd ó shin agus amhráin casta aici ag ócáidí poiblí ó cheann ceann na tíre agus níos faide i gcéin. Ba le traidisiún agus cleachtas na hamhránaíochta a tógadh Bríd, san Aird Thoir, tuairim is trí mhíle taobh thiar de shráidbhaile Charna.

Gan an teach cónaithe a fhágáil ar chor ar bith, bhí scoth na fonnadóireachta le cloisteáil ag Bríd agus teacht aici ar leaganacha breátha d’amhráin mhóra an tsean-nóis ó fhonnadóireacht a máthar, Bairbre (Éinniú) Uí Mhaoilchiaráin. Is ar éigean is gá a rá go raibh luí faoi leith ag muintir Éinniú leis an amhránaíocht.

« Writing workshop for songwriters in the Irish language
International Writing Workshop »