Aisteoir faoi sholas – Clive Geraghty ag caint le Tristan Rosenstock 16 Deireadh Fómhair 2024 – Posted in: Nuacht, Book launch – Clibeanna: Tristan Rosenstock, Clive Geraghty, Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath
Aisteoir faoi Sholas:
Clive Geraghty ag caint le Tristan Rosenstock ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath
Níl aon táille ar an ócáid seo ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré ar shuíomh idirlín Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath.
Cliceáil anseo chun ticéad a chur in áirithe.
Bí linn ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath agus Tristan Rosenstock i mbun comhrá leis an aisteoir agus scríbhneoir Clive Geraghty faoin chuimhní cinn, Aisteoir faoi Sholas (Cló Iar-Chonnacht).
Labhróidh Clive faoina shaol ón Aerchór go hAmharclann na Mainistreach áit ar chaith sé breis agus dhá scór bliain agus a d’oibrigh ar os cionn dhá chéad dráma. Chuaigh sé leis an bpeann ina dhiaidh sin agus bhí a shaothar ar leithéidí Sunday Miscellany agus a chuid scripteanna ar Fair City.
Comhrá fíorspéisiúil a thugann léargas ar an amharclannaíocht in Éirinn le leathchéad bliain anuas trí shúile aisteora.
Beidh an ócáid seo ar bun in Amharclann na Mainistreach sa mbeár.
Chaith Clive Geraghty seacht mbliana ag obair mar theicneoir san Aerchór sular glacadh leis mar bhall den scoil aisteoireachta in Amharclann na Mainistreach i 1963. Tógadh isteach sa chomplacht é nuair a d’fhág sé an t-arm agus chaith sé breis is daichead bliain ann, ag obair ar níos mó ná 200 dráma.
Rinne sé roinnt mhaith oibre ar dhrámaí ar raidió agus ar an teilifís. Tá drámaí don raidío scríofa aige, gearrscéalta, aistí do Sunday Miscellany agus The Living Word agus d’Aistí ón Aer agus chaith sé tréimhse mar scríbhneoir ar Fair City. D’fhág sé an Amharclann Náisiúnta in 2005 agus thug sé aghaidh ar Ollscoil Mhá Nuad, áit ar bhain sé Dioplóma sa Ghaeilge amach agus céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge ina dhiaidh sin.
Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir is ea Tristan Rosenstock. Tá sé ina Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, i measc chláracha eile. Ón mbliain 2017 i leith tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar.
Roghnaíodh a leabhar Inis Mara le haghaidh Lá Domhanda na Leabhar 2024. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada.
