LÉIRMHEAS: Áine Ní Ghlinn ag plé ‘I dtír mhilis na mbeo’ 29 Meitheamh 2017 – Posted in: Nuacht
Rinneadh plé ar I dtír mhilis na mbeo ar an gclár ‘Údar cainte’ ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. Roghnaíodh an leabhar le Colm Ó Ceallacháin do ‘Léirmheas litríochta na seachtaine’ ar an gclár, ina raibh Áine Ní Ghlinn, file agus scríbhneoir, istigh sa stiúideo chun an saothar a phlé.
Is é I dtír mhilis na mbeo, an chéad chnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin. Labhair Áine go bríomhar faoin gcnuasach, ag rá go bhfuil na scéalta uilig lonnaithe i saol nua-aimseartha an lae inniu, agus go n-éiríonn leo téamaí agus carachtair réadúla a nochtadh. Dar léi is furasta meon na ndaoine sna scéalta a leanúint toisc go mbaineann na heachtraí le gnóthaí an ghnáthshaoil mar a thuigeann muid é.
Mhol sí cur chuige an údair i dtaobh na scéalaíochta, ag lua go gcruthaítear teannas agus achrann go sármhaith idir na carachtair. Ba léir di go bhfuil an-tuiscint ag an údar ar shaol agus cultúr an aosa óig, agus go dtuigeann sé na modhanna reacaireachta is éifeachtaí chun aighneas agus achrann a mhúnlú.
Rinne sí trácht ar ghné amháin den leabhar a raibh spéis aici inti, is é sin nach gcuirtear fir agus aithreacha i láthair go dearfach tríd na scéalta. Dúirt sí go ndeachaigh an léiriú seo go mór i bhfeidhm uirthi.
Chuir Áine an-chuid béime ar an éagsúlacht stíle a bhíonn ag Ó Ceallacháin, agus mhol sí an ghnáthreacaireacht atá aige agus na gnéithe trialacha den saothar atá le feiceáil sna scéalta ‘Fuadach’ agus ‘Í’. Samplaí iad na scéalta sin den ‘scríbhneoireacht srianta’ agus is iontach an rud é dar léi nach mbíonn sé ag déanamh aithris nó ag brath ar aon scríbhneoir eile ó thaobh na stíle de; go seasann sé go neamhspleách ina chur chuige sa chás seo.
Roimh dheireadh an agallaimh, labhair Áine faoin scéal is fearr léi sa chnuasach: ‘I measc mhuilte an mhacnais.’ Dúirt sí gur scéal fíorláidir brónach é a bhfuil an-úsáid siombalachais le feiceail ann, teicníocht a chuireann go mór lena fhiúntas.
Mar chlabhsúr ar an agallamh dúirt sí go mbeadh an cnuasach oiriúnach do léitheoir ar bith agus go bhfuil sé breá soléite sothuigthe. Luaigh sí go mbeadh sé foirfe do chlub leabhar nó d’fhóram léitheoireachta mar gheall ar an méid ábhar machnaimh agus pléite atá ann.
Is féidir éisteacht leis an léirmheas iomlán má bhrúnn tú anseo >>
N.B. Tosaíonn an plé ag 33:40!