Agallamh le Seán Ó Neachtain agus a leabhar ‘Ón Spidéal go Strasbourg: Cuimhní Cinn’ foilsithe 12 Eanáir 2021 – Posted in: Nuacht
Bíonn an pholaitíocht i gcónaí áitiúil, deirtear agus is cinnte go raibh sé sin fíor i gcás Sheáin Uí Neachtain. Easpa córas uisce poiblí i gceantar an Spidéil a tharraing isteach i dtreo na polaitíochta é an chéad lá riamh. Ba ag stocaireacht ar son na cúise sin mar chathaoirleach ar an gcoiste pobail agus mar rúnaí ar chumann Fhianna Fáil i dtús na seachtóidí a d’fhoghlaim sé ceird an ghníomhaire pobail. As sin tháinig cuireadh chun seasamh i dtoghchán Chomhairle Chontae na Gaillimhe i 1979. Lean cuireadh eile fós cúpla mí ina dhiaidh chun seasamh i gcéad toghchán Údarás na Gaeltachta. Chuir sin tús le deich mbliana is fiche d’ionadaíocht thofa phoiblí i bhfad is i gcéin. Sheas sé i naoi dtoghchán, trí cinn comhairle contae, ceithre cinn Údarás na Gaeltachta, olltoghchán agus toghchán Pharlaimint na hEorpa.
Féach ar Sheán Ó Neachtain ag déanamh cur síos ar an leabhar agus ag caitheamh súil siar ar a shaol sa bhfíseán seo:
Léirithe ag Seán Ó Mainnín, Táin Bó Media i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht.