Agallamh le Liam Ó Muirthile ar Southword 2 July 2013 – Posted in: Nuacht

‘I  gcás na filíochta, is sainchuid den saothar féin guth an fhile, maidir le rithim, canúint, luí na bhfocal sa líne agus leis na línte, ceol, urlabhra,  – gach gné den dán, an feisteas iomlán i ndáiríre. Gníomh éisteachta chomh maith le gníomh scríbhneoireachta is ea líne filíochta.’ – Liam Ó Muirthile
Sin cuid den smaointeoireacht a nocht an file agus é faoi agallamh ghéarchúiseach ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh faoina chnuasach dátheangach An Fuíoll Feá: Rogha Dánta in eagrán 24 de Southword. Is féidir an t-agallamh ar fad ach cliceáil anseo.



 

« Léitheoireacht an tSamhraidh!
Splancanna ó Shaol Eile (réamhradharc) le Alex Hijmans »