Tá an scríbhneoir iomráiteach Pádraic Breathnach ag ceiliúradh 80 bliain ar an bhfód i mí Iúil 2022. Lá breithe sona duit a Phádraic!
As Maigh Cuilinn ó dhúchas, tá eolas ar leith ar Phádraic Breathnach mar scríbhneoir gearrscéalta, ach tá cáil agus duaiseanna bainte amach aige as a chuid úrscéalta agus a chuid oibre sa mbéaloideas freisin.