Aon Scéal? – ‘An ríomhaire ilteangach’ faoi chaibidil 13 Meitheamh 2017 – Posted in: Nuacht
An mhí seo caite, rinneadh plé ar An ríomhaire ilteangach ar ‘Aon Scéal?’ ar Raidió na Life. Labhair an t-údar Michal Boleslav Měchura faoin leabhar, ag tagairt do thábhacht an leabhair i gcomhthéacs na teicneolaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is treoirleabhar é An ríomhaire ilteangach a thugann léargas ar nósanna feidhme ríomhairí ó thaobh láimhseáil teanga de.
I ndiaidh an phlé le Michal, labhair an léirmheastóir Eoin McEvoy faoina chuid tuairimí ar an leabhar. Teicneolaí Oideachais is ea Eoin atá ag obair i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis in UCD. Mhol sé an leabhar go hard toisc go mbaineann sé le hábhar nach bhfuil aon rud scríofa faoi sa Ghaeilge cheana féin, ag rá gur rud úrnua don teanga é. Dúirt sé go dtugtar léargas domhain cuimsitheach ar mhodhanna oibre ríomhairí agus ar bhogearraí teanga. Luaigh sé go mbeadh An ríomhaire ilteangach thar a bheith áisiúil do dhaoine atá ag tabhairt faoin aistriúchán agus d’eagarthóirí a bhíonn ag plé leis an teicneolaiocht, ach go bhfuil sé breá sothuigthe don té nach bhfuil ar an eolas faoin earnáil cheana féin.
Leag Eoin béim ar an suíomh idirlín atá cruthaithe ag Michal don leabhar, http://www.lexiconista.com/arit/. Dúirt sé go gcuireann an suíomh go mór leis an bpróiseas léitheoireachta. Anuas air sin, mhol sé stíl scríbhneoireachta an údair, agus é ag rá go bhfuil sé an-soiléir agus go ndéanann sé sin an leabhar i bhfad níos fusa dóibh siúd nach bhfuil mórán taithí acu le ríomhairí.
Is as Poblacht na Seice é Michal ó dhúchas ach tá roinnt blianta caite aige in Éirinn. Tá Michal freagrach as cruthú shuíomhanna lárnacha na Gaeilge, teanglann.ie, tearma.ie agus logainm.ie cuir i gcás. Tá an iliomad suíomhanna eile déanta aige a mbaineann leis an nGaeilge agus leis an teangeolaíocht araon.
Is féidir An ríomhaire ilteangach a cheannach má bhrúnn tú anseo >>