Tá Caoimhín Coinín ag dul a luí. Is sraith álainn iad na leabhair seo faoi choinín gleoite chun tús a chur le scéalaíocht le leanaí an-óg. Bíonn an páiste gníomhach sna scéalta.
Rang Beag Scríbhneoireachta Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht, i gcomhar le meitheal aoiscríbhneoirí, físeáin nua a fhoilsiú mar chuid den tsraith ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’, ag tosú ar an gCéadaoin, 29 Meán Fómhair, 2021. Gach seachtain, beidh ceacht i gceird na scríbhneoireachta á eisiúint ar-líne againn anseo ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus ar chainéal YouTube Chló Iar-Chonnacht. Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte sa gcuid seo den tsraith ná, Eithne Ní Ghallchobhair,… Léigh tuilleadh
Tabharfar athchuairt chriticiúil ar scríbhinní agus saothar Bhreandáin Uí Eithir (1930-1990) ag seimineár fíorúil lae Dé hAoine, an 24 Meán Fómhair 2021, atá á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le OÉ Gaillimh. Glacfaidh deichniúr taighdeoirí, saineolaithe agus tráchtairí páirt sna himeachtaí i gcaitheamh an lae: Mártan Ó Ciardha; Chris McCann; Aoife Whelan; Pádhraic Ó Ciardha; Brian Ó Conchubhair; Alan Titley; Póilín Ní Chiaráin; Tomás Mac Con Iomaire; Mairéad Conneely agus Cathal Goan. Beidh béim… Léigh tuilleadh