Tá Caoimhín Coinín ag dul a luí. Is sraith álainn iad na leabhair seo faoi choinín gleoite chun tús a chur le scéalaíocht le leanaí an-óg. Bíonn an páiste gníomhach sna scéalta.
An Luan beag seo caite, cuireadh leabhar nua Orna Ní Choileáin faoi bhráid éisteoirí Raidió na Life, agus é pléite ar an gclár Aon Scéal? Is é teideal an leabhair ná Greim na vaimpíre agus bhí Niamh Ní Chadhla i láthair chun é a phlé leis an láithreoir Róisín Adams. Ní raibh ceann ar bith de na scéalta vaimpíre eile léite ag Niamh sular thug sí faoin leabhar seo, ach dar léi níor chuir sé sin aon… Léigh tuilleadh
Tá colún scríofa ag Alex Hijmans ar Tuairisc.ie ina labhraíonn sé faoi shuíomh an scéil agus an tionchar a bhíonn aige sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Labhraíonn sé faoin áit a bhfuil a úrscéal is déanaí, An tearmann, lonnaithe — agus faoin gcaoi a chum sé an áit shamhalta sin. Ach an oiread le duine a mbeadh teach á thógáil aige, mar sin, ní mór don scríbhneoir a bheith cúramach agus suíomh á roghnú aige. Ar ndóigh, ní…
Tá píosa scríofa ag údair linne, Colm Ó Ceallacháin ar Tuairisc.ie faoin scríbhneoireacht. Seo blaiseadh beag de: Scríobhaim go páirtaimseartha, is é sin, scríobhaim nuair is féidir liom. Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht (is sa dréacht deiridh freisin, b’fhéidir), rud a shaorann mé le scríobh gan srian. Má ritheann an t-ádh liom beidh rud éigin – téama, coibhneas, líne comhrá fiú – le tarrtháil ón bpraiseach seo, rud éigin gur féidir…
Scríobh údar linne, Orna Ní Choileáin, aoi-bhlag ar writing.ie le déanaí, ag cur síos ar na deacrachtaí is mó a bhaineann le scéalta a scríobh do léitheoirí óga. Inspreagadh scríbhneoireachta Thug mé faoi deara go raibh easpa leabhar sa seánra fantasaíochta i nGaeilge agus theastaigh uaim an bearna a líonadh. Nuair a shocraigh mise gur leabhar le vaimpír a bheadh á scríobh agam, theastaigh uaim go mbeadh sé éagsúil ón méid a bhí ar fáil cheana.…