Seoladh Éagóir sa Teach Cúirte 20 May 2016 – Posted in: Gan chatagóir

Oíche aréir, seoladh an leabhar nua Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna le Seán Ó Cuirreáin. Bhíomar istigh i lár chathair Bhaile Átha Cliath, i dTeach Cúirte Shráid na Faiche, láthair chás cúirte na ndúnmharuithe Mhám Trasna timpeall is céad tríocha bliain ó shin. Ní mór an t-athrú atá tagtha ar an gCúirt ó shin, agus ba láthair rí-oiriúnach í don ócáid. Is éard atá sa leabhar ná insint ar eachtra staire atá fós… Léigh tuilleadh