Tá Caoimhín Coinín ag dul a luí. Is sraith álainn iad na leabhair seo faoi choinín gleoite chun tús a chur le scéalaíocht le leanaí an-óg. Bíonn an páiste gníomhach sna scéalta.
Comhghairdeas ó chroí le hÁine Ní Ghlinn as Gradam Leabhar Leanaí Chumann Litearthachta na hÉireann 2015 a fháil dá leabhar Daideo. Bronnadh an gradam uirthi ag ócáid speisialta Déardaoin, an 24 Meán Fómhair in Insitiúid Oideachais Marino le linn an 39ú Comhdháil Idirnáisiúnta de Chumann Litearthachta na hÉireann. Dúirt Máirín Wilson, cathaoirleach an ghiuiré, ‘the craft of Irish writing was really evident, and really reassuring’, agus na 94 leabhar a bhí curtha isteach don ghradam… Léigh tuilleadh
Agus an ceathrú Mórshiúl Bliantúil ar son Rogha ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, 26 Meán Fómhair, is tráthúil an t-úrscéal nua seo le hÉilís Ní Dhuibhne, Aisling nó Iníon A, a thosnaíonn le heitilt an uaignis thall go Sasana. Seo scéal Aisling, déagóir a tógadh i dteaghlach an-choimeádach, gustalach, i gCluain Tarbh. Cuireann sí in aghaidh a máthair, ag caitheamh éadaí garbha agus í amach ar phléaráca, ach ní uirthi…
ISBN: 978-1-907494-53-6 Praghas: €10 Tá bailiúchán nua scéalta le Labhrás Ó Finneadha, Ibíotsa, ar fáil anois. Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin atá sa leabhar nua. Is é seo an chéad leabhar ficsin le Labhrás. D’fhoilsigh Cois Life a chéad leabhar, aistriúchán de thrí théacs spéisiúla ón 19ú haois, Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí in 2013. Is áis chomhghabhalach iontach é an closleabhar, á léamh ag Labhrás féin ar…