Ciseán 0

Aoi-bhlag Alex Hijmans – Súile eile 15 Meán Fómhair 2014 – Posted in: Gan chatagóir

A panel of helpful readers can be a valuable asset during the editing process, but writers should be careful about selecting them, Alex Hijmans writes in the ninth episode of his monthly guest blog on creative writing. Agus an scríbhneoir i mbun eagarthóireachta, tiocfaidh an pointe nach mbeidh de dhifríocht idir leagan amháin den saothar atá idir lámha aige agus an chéad leagan eile ach cúpla camóg. Nuair a bhainimse an pointe sin amach, tá… Léigh tuilleadh

Ár dTéarmaí Féin – Fidelma Ní Ghallchobhair (Cois Life, 2014) 7 Meán Fómhair 2014 – Posted in: Gan chatagóir

Rianaítear sa saothar seo stair agus forbairt na téarmaíochta sa Ghaeilge ón gcianaimsir anonn. Beidh an leabhar ina chuidiú ag mic léinn agus daoine eile i mbun staidéir ar an nGaeilge chun acmhainn agus saothrú na teanga le dul i ngleic le coincheapa nua a chur in iúl agus i gcomhthéacs.  Léirítear tuismíocht na Gaeilge i gcomhthéacs teangacha eile agus an gaol ag an nGaeilge leis na teangacha ba mhó teagmhála léi, agus an chaoi…

Léigh tuilleadh

Rogha Alt – Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2014) – Posted in: Gan chatagóir

Rogha Alt Is cuma más ealaín nó ceird í an aiste liteartha tá sé léirithe ag Liam Ó Muirthile go bhfuil sé ina mháistir orthu. Is clasaicí anois iad cuid de na haistí fuinte seo ar foilsíodh leaganacha díobh den chéad uair sa cholún ‘An Peann Coitianta’ a scríobh Liam Ó Muirthile san Irish Times idir 1989 agus 2003.  Aisteach go leor, cé gur scríobhadh na haistí roinnt bliant ó shin, tá siad go mór…

Léigh tuilleadh

Leabhar nua: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana 1 Meán Fómhair 2014 – Posted in: Gan chatagóir

Tá an t-ochtú leabhar sa tsraith monagraf Lúb ar Phár ar fáil anois. Sa saothar seo, ríomhann Conchúr Mag Eacháin scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927 nuair a chuir an Roinn Oideachais de Rialtas Shaorstát Éireann coiste téarmaíochta ar bun. Féachtar ar staid na téarmaíochta Gaeilge lena linn sin agus déantar iniúchadh ar an phlé a rinneadh faoi mhaoirseacht shaothrú na téarmaíochta maidir le coistí nó acadaimh téarmaíochta agus eile.…

Léigh tuilleadh
0
Cló Iar-Chonnacht