Ciseán 0

DAIDEO – leabhar nua do dhéagóirí le hÁine Ní Ghlinn – Físeán – Posted in: Nuacht, Údair

Is é seo an cúigiú húrscéal do dhaoine óga le húdar aitheanta Áine Ní Ghlinn atá foilsithe ag Cois Life. Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Breathnaigh uirthi ag labhairt faoin saothar anseo thíos. Buachaill ar a theitheadh óna thuismitheoirí. Seanduine ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar…

Léigh tuilleadh

An Colm Bán – Úrscéal nua le Liam Ó Muirthile 14 Feabhra 2014 – Posted in: Gan chatagóir

Saothar neamghghnách é seo a nascann gnéithe de scéal na hÉireann le mórscéal Mhór-Roinn na hEorpa. Scéal Nora Buckley, searbhónta as Iarthar Chorcaí, a théann ag rince ar stáitse na Folies Bergère i bPáras san blianta tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir, agus ina theannta sin, údar ar thóir scéal Nóra i bPáras na haimsire seo. Mar fhile, iriseoir, drámadóir agus úrscéalaí, tá Liam Ó Muirthile tar éis forbairt ar bhonn leanúnach ó tháinig sé faoi bhráid an…

Léigh tuilleadh

Aoi-bhlag Alex Hijmans – An leathanach bán – Posted in: Aoi-bhlag

Fiction happens halfway between the craftsman’s smithy and the shaman’s bonfire, in the uncharted wilderness that separates creative writing from the other world, Alex Hijmans writes in the second episode of his monthly guest blog on creative writing Tosaíonn gach scéal ar leathanach (nó scáileán) bán. Nach ea? Ní hea. Tá an mhíthuiscint choitianta seo fite fuaite leis an íomhá rómánsúil a bhaineann le gairm an scríbhneora in aigne an phobail. Is maith le daoine…

Léigh tuilleadh

Scéal scéil: rúndiamhra na meán 3 Feabhra 2014 – Posted in: Nuacht

Táimid uile ag feidhmiú faoi scáth na meán cumarsáide ach is beag eolas atá againn i ndáiríre faoi cén chaoi a bhfeidhmíonn siad. Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtaíonn siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh. Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na…

Léigh tuilleadh
0
Cló Iar-Chonnacht